Anatamaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtAnatamaíocht
Cuid debitheolaíocht agus míochaine
Aitheantóirí
MeSHD000715
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/anatomy
Téarmaíocht anatamaíoch


Mondino dei Liuzzi, Anathomia, 1541

Is éard is anatamaíocht (ón nGréigis ἀνατομία anatomia, ó ἀνατέμνειν ana: roinn, roinnte ó, agus temnein, gearradh, gearradh ar oscailt. Ón bhfocal Gréigise "anatome" chomh maith--ana: ó chéile, tome: gearradh-->gearradh ó chéile) nó corpeolaíocht ann ná réimse den bhitheolaíocht is den leigheas a phléann le struchtúr nithe beo. Is téarma ginearálta é a chuimsíonn an anatamaíocht dhaonna, anatamaíocht na n-ainmhithe, agus anatamaíocht na bplandaí. I roinnt gnéithe den anatamaíocht tá gaol gearr aige le sutheolaíocht, leis an anatamaíocht chomparáideach agus leis an tsutheolaíocht chomparáideach.

Déantar an anatamaíocht a fhoroinnt ina réimsí éagsúla; macra-anatamaíocht agus anatamaíocht mhicreascópach. Is éard is macra-anatamaíocht ann ná staidéar ar struchtúir anatamaíochta ar féidir iad a fheiscint le radharc na súl. Is éard is anatamaíocht mhicreascópach ann ná staidéar ar struchtúir anatamaíochta bhídeacha le micreascóipeanna, cuid de seo is ea an histeolaíocht (staidéar ar riaradh na bhfíochán) agus cíteolaíocht (staidéar na gceall).

I rith stair na hanatamaíochta, tá dul chun cinn leanúnach tar éis tarlú ar ár dtuiscint ar fheidhmeanna orgán éagsúil agus ar struchtúir na colainne. Tá feabhas mór tagtha ar chuir chuige eolaíochta, ó scrúdú na n-ainmhithe agus mionghearradh ar chorpáin, go teicníochtaí teicneolaíochta coimpléascacha a forbraíodh sa 20ú céad, ina measc an x-ghathú, agus an íomháú athshondais mhaighnéadaigh.

Ba chóir an anatamaíocht a scaradh ón bpaiteolaíocht anatamaíoch, ar staidéar é ar an macra-chuma agus ar an gcuma mhicreascópach a bhíonn ar orgáin ghalraithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • []