Aibítir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaAibítir
Cineáltype of writing system (en) Aistrigh
Stairhistory of the alphabet (en) Aistrigh
Léarscáil dáileacháin

Is litreacha iad aibítir a bhaineann le teanga scríofa agus iad in ord áirithe. Tá an scríbhneoireacht bunaithe orthu. Chum na Seimítigh an chéad aibítir ceithre mhíle bliain ó shin. Bunaíodh an aibítir sin ar phictiúiríní a chuireadh idéithe in iúl. Fuair na Gréagaigh an aibítir ó phobal Seimíteach, na Féinícigh, a bhunaigh cathair chumhachtach i dtuaisceart na hAfraice, An Chartaig. Fuair na Rómhánaigh an aibítir ó na Gréagaigh agus úsáidtear an aibítir Laidineach seo chun an chuid is mó de theangacha na hEorpa a scríobh.

Ba é an cló Gaelach an chéad chóras scríbhneoireachta a úsáideadh in Éirinn le haghaidh an Ghaeilge a scríobh, de réir an chórais Rómhánaigh. D'úsáideadh an Eaglais Chríostaí stíl scríbhneoireachta cosúil leis ar fud na hEorpa sa chúigiú céad. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn sa chúigiú céad agus tá an chuma ar an scéal gur tosaíodh ag scríobh na Gaeilge de réir an chórais seo sa séú céad.

B'in an tOgham an córas scríbhneoireachta a bhíodh in Éirinn roimh theacht na Críostaíochta. Tagann an t-ainm seo as an dia Cheilteach Ogmios. Ainmníodh na litreacha as crainn sa chóras seo. Fuarthas an córas seo ó dhraoithe Ceilteacha na Mór-roinne agus tá sé le feiceáil ar chlocha cuimhneacháin ar fud na hÉireann.

Aibítir na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litreacha traidisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litir    Ainm (IPA) Crann (Ogham)
A á /ɑː/ ailm
B /bʲeː/ beith
C /kʲeː/ coll
D /dʲeː/ dair
E é /eː/ eadhadheabhadh
F eif /ɛfʲ/ fearn
G /ɡʲeː/ gort
H héis /heːʃ/ uath nó an sceach gheal
I í /iː/ íodhadh nó an tIúr
L eil /ɛlʲ/ luis nó an crann caorthainn
M eim /ɛmʲ/ muin nó an fhíniúin
N ein /ɛnʲ/ nion nó an fhuinseog
O ó /oː/ onn nó an t-aiteann
P /pʲeː/ peith
R ear /ɛrˠ/ ruis nó an trom
S eas /εs/ sail
T /tʲeː/ teithne nó an cuileann
U ú /uː/ úr nó an fraoch

Litreacha neamh-choitianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litir    Ainm (IPA)
J /dʒeː/
K /kˠɑː/
Q /kˠuː/
V /vʲeː/
W wae /wˠeː/
X eacs /ɛks/
Y ɣʲeː/
Z zae /zˠeː/

Deirtear go minic nach n-úsáidtear na litreacha j, k, q, v, w, x, y, ná z sa Ghaeilge. I bhfírinne tá an chuid is mó acu in úsáid sa Ghaeilge leis na céadta bliain. Seo roinnt samplaí reatha.

  • jab, jéiníos, joltaeir
  • vitimín K, línte H agus K, selkie (téarma.ie)
  • quinín, quionól
  • vóta, vód, vrác
  • ‘aonad lán-W’
  • xaintéin, xiolán, X-radaíocht
  • Yólais, Y-chrómasóm
  • zó-eolaíocht, zóifít,

Téarmaí teicniúla atá sách aduain cuid acu (go háirithe k agus w). Feictear iad sa mhatamaitic nó san eolaíocht. Tá go leor samplaí de na litreacha éagsúla a bheith in úsáid i bhfoilseacháin a foilsíodh nó a breacadh i bhfad siar. Deirtear gurb é ‘k’ an t-aon litir nach bhfuil i bhfoclóir Ó Dónaill, ach tá an carachtar céanna sa teanga le fada, tráth den saol ba ghiorrúchán don fhocal ‘cath’ a bhí ann. Anois feictear é i dtéarmaí teicniúla. Foilsíodh dhá leabhar Ghaeilge sa bhliain 2017 a raibh K sa teideal acu, mar a bhí Kíor Thuathail agus Katfish.

Seo an méid a bhí le rá ag G.T. Paghan in Téarmaíocht na hEolaíochta in 1947.

Tá locht beag eile ar litriú na Gaeilge – maidir le cúrsaí eolaíochta ach go háirithe – is é sin dealús na haibítre faoi litreacha.19 Tá na litreacha ‘v’, ‘x’, ‘y’ beagnach chomh tábhachtach chuige sin le haon cheann eile agus is mór an chiotaí dul dá gceal. Ní staonann na náisiúin eile ó litreacha coimhthíocha a ghlacadh an túisce ina mbraitheann siad a n-easpa. Agus ní haon díobháil aithris a dhéanamh orthu sa ní sin. Caithfear a thabhairt de chreidiúint do na Téarmaí, ámh, gur cheadaigh siad an litir ‘v’ isteach aon uair amháin –san fhocal ‘volt’. Is maith é sin ach ní miste a thuilleadh. Is dócha, ámh, go bhfuil an bhearna thíos sa chás sin.20 Maidir le ‘x’ ní móide go bhfuil sí sin leis ó bhaol. Murar glacadh go hoifigiúil sna Téarmaí léi, úsáidtear cheana í ó am go ham i bhfocail áirithe mar ‘téx’.21 Ach tá an tríú litir, ‘y’, díreach chomh tábhachtach le haon cheann acu, agus a bhfuil d’fhocail eolaíochta ann agus iad tarraingthe ón nGréigis. Éiríonn le cuid de na teangacha dul ina héagmais gan amhras, ach tá bua faoi leith aici a d’fhágfadh an-oiriúnach don Ghaeilge í. Is é sin go bhféadfaí fuaim leathan a thuiscint aisti murab ionann agus an litir ‘i’. D’oirfeadh sin go minic i ndiaidh ‘s’, cuir i gcás.

Fadó ní raibh sa Ghaeilge ach na gutaí a, e, i, o, u agus na consain b, c, d, f, g,l, m, n, p, r, s, t. Deirtear gur ainmneacha crann a bhíodh orthu anallód: Ailm, Beith, Coll, Dair, Eadha, Fearn, Gort, Uath, Ioga, Luis, Muin, Nuin, Oir, Peith, Ruis, Suil, Teine, Ur. Meastar, áfach, gur nós é seo a tháinig sa treis níos déanaí.

Liosta Aibítir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]