Zohran Mamdani
Is polaiteoir Meiriceánach ó Cathair Nua-Eabhrac é Zohran Kwame Mamdani (a rugadh ar an 18 Deireadh Fómhair 1991 in Uganda). Ball den Pháirtí Daonlathach agus de Shóisialaigh Dhaonlathacha Mheiriceá, bhuaigh sé toghchán méarachta Chathair Nua-Eabhrac sa bhliain 2025. Bhí sé ina bhall de Thionól Stát Nua-Eabhrac ón 36ú cheantar, atá lonnaithe i Queens, ó 2021 go dtí 2025.



Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac an léachtóra Mahmood Mamdani agus an scannánóra Mira Nair is ea Mamdani. Rugadh é in Uganda agus chaith sé tamall gairid ina chónaí san Afraic Theas. D'aistrigh sé go Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus shocraigh sé síos i gCathair Nua-Eabhrac.
D'fhreastail Mamdani ar Bronx High School of Science agus fuair sé céim bhaitsiléara sa Léann Afracach ó Choláiste Bowdoin in 2014. D’oibrigh sé mar chomhairleoir tithíochta agus mar cheoltóir hip hap, sular thug sé aghaidh ar an bpolaitíocht. Toghadh don chéad uair é i dTionól Stát Nua-Eabhrac (New York State Assembly) sa bhliain 2020, tar éis dó an t-ionadaí Aravella Simotas (a bhí ceithre théarma i mbun oifige) a shárú, agus atoghadh in 2024 é gan aon fhreasúra.
Iarrthóir do thoghchán méara NY
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2024, d’fhógair Mamdani go raibh sé ag seasamh mar iarrthóir do thoghchán méara Chathair Nua-Eabhrac in 2025. Ar an 24 Meitheamh 2025, bhí bua gan choinne ag Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Bhí Cuomo luaite le roinnt líomhaintí faoi chiapadh gnéasach.[1]
Bhí tacaíocht leithéidí Bernie Sanders agus Alexandria Ocasio-Cortez. ag Mamdani, agus é ag gealladh polasaithe níos forásaí ná Cuomo, lena n-áirítear reo cíosanna, busanna saor in aisce sa chathair, cúram leanaí poiblí, earraí grósaera faoi úinéireacht na cathrach, srl. [2][3] Ní chuireann sé fiacail ann agus é ag cáineadh rialtas Iosrael.
Trump
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhagair Trump go gcoinneodh sé siar an oiread agus a d'fhéadfadh sé den mhaoiniú feidearálach a bhfuil Cathair Nua-Eabhrac ina theideal dá dtoghfaí Mamdani ina mhéara. "Cumannaí" a thug Trump ar Mamdani. "Gabhaim leat!" arsa Trump ar a mheán sóisialta féin le Mamdani,"tugaimis faoi!"
Tá teorainn áirithe leis an mbáire atá Mamdani in ann a chur ar Trump de bhrí gur in Uganda a rugadh é. De réir bhunreacht na Stát Aontaithe, níl cead ag duine nár rugadh sna Stáit Aontaithe a bheith ina Uachtarán ar an tír sin.[4]
Méara
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáladh toghchán an mhéara ar an 4 Samhain. Rogha na coitiantachta a bhí in Mamdani. Beagán le cois 50% den vóta a fuair Mamdani, i gcomparáid leis an 42% a fuair an té ba ghaire dó, an t-iarrthóir neamhspleách Andrew Cuomo, a bhí beagnach faoi dhó chomh sean leis.
Tá Mamdani ina chéad Mhéara Moslamach i gCathair Nua-Eabhrac, an chéad Indiach-Mheiriceánach,[5] agus an chéad mhéara mílaoiseach de chuid Chathair Nua-Eabhrac.[6][7][8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (28 Meitheamh 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ "The Magic Realism of Zohran Mamdani" (en).
- ↑ "Bernie Sanders endorses Zohran Mamdani for NYC mayor" (en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-11-05). "Dúshlán Trump tugtha ag méara nuathofa Nua-Eabhrac" (as ga-IE).
- ↑ "Zohran Mamdani set to become first Indian-American to lead New York as Mayor: Who is the 33-year-old Democratic socialist?".
- ↑ "Cuomo concedes in NYC mayoral primary, Mamdani poised for upset victory".
- ↑ "Could Zohran Mamdani be NYC'S first Muslim and Indian American mayor?" (en).
- ↑ "What Zohran Mamdani Win Will Mean For Wall Street" (en). “If Mamdani wins, he will become the first Muslim, first Asian, and first millennial mayor of New York City”