Zhao Xintong
(2016) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (zh-hans) 赵心童 |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 3 Aibreán 1997 28 bliana d'aois Xi'an, Daon-Phoblacht na Síne |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | imreoir snúcair, lúthchleasaí |
| Tír spóirt | Daon-Phoblacht na Síne |
| Spórt | snúcar |
| Eile | |
| Ciontaíodh i | match fixing (en) → (1.66 bliain ban (en) |
Is imreoir snúcair Síneach é Zhao Xintong (Sínis: 赵心童
, a rugadh ar an 3 Aibreán 1997). Bhuaigh sé craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield in 2025, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh.


Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar le máthair Zhao, toisc nach raibh sé ró-ard nuair a raibh sé ina ghasúr, bhí nós aige cleachtadh ag caitheamh scataí rollála, mar gheall ar na horlaí breise a thug siad dó.
Camchuairt ghairmiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharraing Zhao aird agus é ina dhéagóir, agus roinnt imreoirí den scoth ag trácht ar a chumas sa spórt. Sa bhliain 2016, chuaigh sé isteach sa chamchuairt ghairmiúil agus bhuaigh sé a chéad teideal rangaithe agus a chéad teideal an Choróin Thriarach ag Craobhchomórtas na Ríochta Aontaithe 2021, ag sárú Luca Brecel 10 -5 sa chluiche ceannais. Leis an mbua seo, tháinig sé isteach ar an 16 is fearr i rangú an domhain den chéad uair agus bhí sé incháilithe dá chéad Mháistreacht.[1]
Bhuaigh sé a dhara rangú domhanda ag Máistrí na Gearmáine 2022 nuair a bhfuair sé an ceann is fearr ar Yan Bingtao 9-0 sa chluiche ceannais. Ba é an tríú himreoir amháin é, i ndiaidh Steve Davis agus Neil Robertson, a bhuaigh cluiche ceannais dhá sheisiún gan fráma a ghéilleadh.[2]
2023: cúbláil
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Eanáir 2023, chuir comhlacht rialaithe an spóirt Zhao ar fionraí mar chuid d’ imscrúdú maidir le cúbláil cluichí, a raibh deichniúr imreoirí Síneacha páirteach ann.[3] Cúisíodh é ina dhiaidh sin as a bheith páirteach i gcúbláil cluichí ar Thuras Snúcair an Domhain agus as gealltóireacht a dhéanamh ar snúcair. Tar éis binse smachta neamhspleách, cuireadh cosc ar Zhao páirt a ghlacadh i gcomórtais ghairmiúla go dtí an 1 Meán Fómhair 2024.[4]
Tar éis a thoirmeasc a bheith thart, ghlac Zhao páirt sa Q Tour tánaisteach a fheidhmíonn mar bhealach cáilíochta chuig an bpríomhcamchuairt ghairmiúil.[5] Bhuaigh sé ceithre chomórtas as a chéile ar an Q Tour idir Deireadh Fómhair 2024 agus Eanáir 2025, rud a ráthaíonn an chéad áit ar 'Q Tour na hEorpa' agus a chinntigh go bhfillfeadh sé ar iomaíocht ghairmiúil don séasúr 2025-2026. Ba é an chéad imreoir é freisin a rinne an t-uasdreas ar an Q Tour, ag baint amach an gaisce in Imeachtaí 3 agus 4.[6]
2025: craobh an domhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 6 Bealtaine 2025, bhuaigh Zhao craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh. Bhuaigh sé ocht bhfráma dhéag in aghaidh a dó dhéag i gcoinne Mark Williams, iarchuradh ón mBreatain Bheag, sa chluiche ceannais; agus bhuaigh sé ar Ronnie O’Sullivan, duine de na himreoirí snúcair is fearr riamh, le seisiún le spáráil sa chluiche leathcheannais. [7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "UK Snooker Championship final: Zhao Xintong beats Luca Brecel". BBC Sport.
- ↑ Livie (30 January 2022). “Zhao Xintong wraps up whitewash victory over Yan Bingtao to secure German Masters victory in Berlin”. TNT Sports UK. Dáta rochtana: 4 May 2025.
- ↑ "World Snooker Tour match-fixing investigation: China's Zhao Xintong suspended". BBC Sport.
- ↑ “WPBSA Statement 6 June 2023”. WPBSA (6 June 2023). Dáta rochtana: 6 June 2023.
- ↑ "Zhao set for comeback after match-fixing scandal". BBC Sport. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 September 2024.
- ↑ “Zhao Xintong Hits Historic Q Tour Maximum in Stockholm”. WPBSA (5 October 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 December 2024.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (10 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-10.