Jump to content

Yuval Raphael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaYuval Raphael

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(he) יובל רפאל Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Samhain 2000
24 bliana d'aois
Tel Aviv, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Eabhrais
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Eabhrais, Béarla agus an Fhraincis
Ghlac sé/sí páirt i
Bealtaine 2025Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2025 (2) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
7 Deireadh Fómhair 2023-9 Deireadh Fómhair 2023October 7 attacks (en) Aistrigh
7 Deireadh Fómhair 2023Re'im music festival massacre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Instagram: yuvalraphael TikTok: yuval_raphael Spotify: 0h6sAHCJ41a7jvcWGXH4fk Apple Music: 1605548697 Last fm: Yuval+Raphael Musicbrainz: 1a9eebf6-163f-49a9-92e0-cf2aef80f738 Discogs: 15937332 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí de chuid Iosrael is ea Yuval Raphael (Eabhrais: יובל רפאל; a rugadh ar an 5 Samhain 2000). Tháinig clú uirthi le linn Chomórtais Amhránaíochta na hEoraifíse 2025. Bhí an lámh in uachtar sa Chomórtas ag an Ostair.[1] Ach tháinig Iosrael, le New Day Will Rise de chuid Yuval Raphael, sa dara háit, iontas na niontas.

Yuval Raphael, 2025 i mBasel; chuir sí a náisiúnachas chun cinn
2025

I mí na Bealtaine, ghlac daoine páirt in agóidí taobh amuigh de RTÉ, ag éileamh go dtarraingeoidh an craoltóir amach as. I dtús 2025, tháinig méadú ar na héilimh ó thíortha éagsúla gur chóir díospóireacht a bheith ann ar cé acu ar cheart nó nár cheart d'Iosrael a bheith ag glacadh páirte ar chor ar bith.[2]

Níor rinne aon chraoltóir náisiúnta ráiteas poiblí ag cur in aghaidh rannpháirtíocht Iosrael, nó sin a mhaígh an EBU ( a eagraíonn an Comórtas Eurofíse). Ach d'iarr RTÉ ar an EBU "plé a dhéanamh" ar rannpháirtíocht Iosrael i gComórtas Eoraifíse [3]

Bhí an t-amhrán New Day Will Rise i mBéarla, Fraincis agus Eabhrais. Nuair a thosaigh Raphael ag canadh in Eabhrais, lig an lucht féachana na gártha molta astu.[4]

Ar an 17 Bealtaine, thug na teileavótóirí sa tríú cuid de thíortha na hEorpa an scór is airde d’iarracht Iosrael i gComórtas na hEoraifíse,[5] beag beann ar an sléacht in Gaza. Bhí rialtas Iosrael ag géarú ar na hionsaithe ar Gaza ag an am. Thug muintir na hÉireann dix points, 10 bpointe, d’Iosrael – agus é sin i ndiaidh na léirsithe ar fad ar son mhuintir Gaza. Thug moltóirí oifigiúla na hÉireann seacht bpointe d’Iosrael.[6]

B'fhéidir go raibh vóta comhbhá tuillte ag an iarrthóir Iosraelach go pearsanta: bhí Raphael i measc na ndaoine a tháinig slán nuair a mharaigh Hamas 1,200 duine in ionsaí sceimhlitheoireachta ar fhéile cheoil ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Gan dabht, míorúilt a bhí ann gur mhair Raphael tríd an eachtra sin agus gur éirigh léi páirt a ghlacadh sa chomórtas i ndiaidh gach ar mhair sí tríd. Ach míorúilt de chineál eile a bhí ann gur thug teileavótóirí ó cheann ceann na hEorpa oiread tacaíochta do thír a gcuirtear cinedhíothú ina leith ar bhonn laethúil.[6]

Mhaígh craoltóirí náisiúnta áirithe gur earcaigh’ Iosrael teileavótóirí agus gurbh é sin ba chúis le vóta pobail chomh mór millteach sin ag an tír.[7][8][9][10][11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. JJ / Johannes "JJ" Pietsch (2025-05-22). "Wasted Love (JJ song)" (as en). Wikipedia. 
  2. Nuacht RTÉ (2025-05-09). ""Plé níos leithne" maidir le rannpháirtíocht Iosrael san Eoraifís" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2025-05-07). "Plé á lorg leis an EBU faoi rannpháirtíocht Iosrael san Eoraifís" (as ga-IE). 
  4. Eurovision Song Contest (2025-05-17). "Yuval Raphael – New Day Will Rise (LIVE) | Israel 🇮🇱 | Grand Final | Eurovision 2025". 
  5. fuair Iosrael douze points ó 13 thír. Seo iad: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bhreatain, an Spáinn, an Ísiltír, an Bheilg, an Phortaingéil, an tSualainn, an Eilvéis, Lucsamburg, an Asarbaiseáin, an Astráil, agus ‘An Domhan’ (sin gach tír ar domhan seachas na tíortha a ghlac páirt sa chomórtas iad féin curtha le chéile.) San Asarbaiseáin, thug an pobal agus na moltóirí oifigiúla araon 12 phointe d’Iosrael, agus ní cúis mhearbhaill go dtí é, óir is Moslamaigh (Siacha) 93 faoin gcéad de mhuintir na hAsarbaiseáine.
  6. 6.0 6.1 Alex Hijmans (21 Bealtaine 2025). "‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-22.
  7. "Eurovision: Israel's result prompts questions over voting" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-21). Dáta rochtana: 2025-05-22.
  8. "Eurovision accused of ‘encouraging manipulation’ after Israel’s near-win" (en). The Independent (2025-05-20). Dáta rochtana: 2025-05-22.
  9. India McTaggart (2025-05-19). "Eurovision ‘rigged’ in favour of Israel" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2025-05-22.
  10. "Eurovision 2025: Israel's success sparks backlash and suspicion of voting manipulation" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2025-05-22.
  11. Jordi Pedra (2025-05-20). "EBU fact-checking network investigates Eurovision 2025 voting drive sponsored by an Israeli government agency" (en-US). wiwibloggs. Dáta rochtana: 2025-05-22.