Jump to content

Your Party

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaYour Party
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Scartha óPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodhIúil 2025
Bunaitheoir(í)Jeremy Corbyn agus Zarah Sultana Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Uachtaránachtposition not filled (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirJeremy Corbyn Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Sócmhainní iomlána855,131.66 £ (2025) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinyourparty.uk Cuir in eagar ar Wikidata

X: thisisyourparty Instagram: thisisyourparty TikTok: thisisyourparty Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Bhunaigh feisirí parlaiminte na Ríochta Aontaithe, Jeremy Corbyn agus Zarah Sultana Your Party sa bhliain 2025, páirtí i bhfad amach ar an eite chlé. Níl ainm an pháirtí socraithe go fóill.

Zarah Sultana, 2019

Bhí Corbyn ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre roimhe, ach dhíbir Keir Starmer amach as an bpáirtí é nuair a thosaigh sé ar an gcasadh ar dheis. Lean Starmer leis sin, ag díbirt daoine a sheas ar son sheanphrionsabail shóisialta an pháirtí, ina measc ceathrar níos túisce sa mí a vótáil i gcoinne pholasaithe an rialtais i leith leas sóisialta, lena n-áirítear Diane Abbot, an feisire is faide ina ball den pharlaimint, agus an chéad bhean ghorm a toghadh riamh go Westminster.

Sheas Jeremy Corbyn mar iarrthóir neamhspleách in Islington North san olltoghchán 2024 agus toghadh é Ansin baineadh an "Labour whip" de Zarah Sultana tar éis di vótáil in aghaidh an rialtais.

Tháinig deireadh leis an tseanpholaitíocht i Sasana sna 2020idí.  Bhíodh rogha ann idir Páirtí an Lucht Oibre agus na Tóraithe, ach anois tá Reform UK ann freisin ar an eite dheis agus páirtí Corbyn ar an eite chlé.

Bhí níos mó na leath milliúin duine cláraithe leis idir Bealtaine-Iúil 2025.[1] Mhol roinnt pobalbhreitheanna go bhféadfadh páirtí Corbyn-Sultana 10 faoin gcéad de vóta náisiúnta a bhaint amach.

Bhí na sluaite ag imeacht ó Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 2025, agus éadóchas orthu faoi dhearcadh Keir Starmer i leith chogadh Iosrael in Gaza, agus polasaithe eile a bhain leis an gcóras leasa shóisialaigh. I mí Iúil 2025, chuir na ceardchumainn ballraíocht Angela Rayner, Leas-Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe, ar fionraí mar gheall ar a seasamh i leith stailc na n-oibrithe bruscair in Birmingham.[2]

  • Rannpháirtíocht dhíreach an phobail sa phróiseas polaitíochta
  • Cáin ar lucht an rachmais chun an leas sóisialta a mhaoiniú
  • Náisiúnú seirbhísí
  • Clár tógála tithíochta

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Corbyn hints at 'Your Party' as name for new political movement as sign-ups near 500,000" (en). LBC. Dáta rochtana: 2025-08-01.
  2. Máirtín Mac Eoin – An Páipéar (2025-08-01). "Páirtí Chorbyn ag dul ó neart go neart i Sasana" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-01.