Yoel Matveyev
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1976 49/50 bliana d'aois Cathair Pheadair, An Rúis |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file |
| Teangacha | An Ghiúdais |
Is file agus scríbhneoir Giúdais, Rúisise agus Béarla é Yoel Matveyev.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Yoel Matveyev i Leningrad sa bhliain 1976. Tá cúlra aige i ríomhchlárú. Mhúin sé Giúdais dó féin ag aois na hardteistiméireachta agus thosaigh sé ag scríobh filíochta Giúdaise mar dhéagóir. Ó 2002 go 2016 d’oibrigh sé mar scríbhneoir foirne don Yiddish Forward. Sa bhliain 2017 d’fhill sé ar Cathair Pheadair (Leningrad roimhe seo). Ó 2019 tá sé ag obair don nuachtán Birobidzhaner Shtern i Birobidzhan.
Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iltheangach é Yoel Matveyev a bhfuil eolas aige ar go leor teangacha, an Gaeilge ina measc. Thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGiúdais sna 1990idí. Tá a chuid dánta foilsithe i réimse irisí agus díolamaí ó 2002 i leith. Is minic a bhíonn eilimintí de mhiotaseolaíocht na hÉireann agus frásaí i nGaeilge ina dhánta. I measc a chuid aistriúcháin fhileata go Giúdais agus Rúisis tá aistriúcháin ón nGaeilge agus ón tSean-Ghaeilge. Tá ceann dá dhánta Giúdais tiomnaithe do Phádraig Mac Piarais. D’aistrigh sé saothair filí Éireannacha Béarla go Giúdais freisin, ina measc Séamus Ó Conghaile, Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Step by Step, Contemporary Yiddish Poetry, 2009, ISBN 9788874622573
- A Ring, Contemporary Yiddish Poetry, 2017, ISBN 9789659260539
- Almanac Birobidzhan (v. 16, 2021), ISBN 9785604463437
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aistriúcháin Giúdais le Yoel Matveyev ar fhilíocht na hÉireann agus na Sean-Ghaeilge
- Aistriúcháin Giúdais le Yoel Matveyev ar fhilíocht Éireannach i mBéarla agus i nGaeilge
- Aistriúcháin Giúdais le Yoel Matveyev ar fhilíocht Éireannach i mBéarla agus i nGaeilge
- Aistriúcháin agus filíocht Giúdais le Yoel Matveyev ina bhfuil miotaseolaíocht na hÉireann