Jump to content

An Yantar (long)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachAn Yantar
Ainmneacha
  • Yantar
    Cuir in eagar ar Wikidata

Eapainmómra Cuir in eagar ar Wikidata
LongchlósYantar Shipyard (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir a shanntar ag an longchlós01602 Cuir in eagar ar Wikidata
Tír chlárúcháin
Stair
Leag an cíle
8 Iúil 2010
Seoladh loinge
14 Nollaig 2012
Coimisiúnú
23 Bealtaine 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)
Saintréithe teicniúla
Cineálintelligence ship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AicmeProject 22010 oceanographic research ship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fad107.8 m Cuir in eagar ar Wikidata
Luas15 kn Cuir in eagar ar Wikidata
Neamhspleáchas5000 nmi Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainn50 Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MMSI273546520 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir IMO4617863 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha glao
Romeo
R
Mike
M
Mike
M
Nine
9
One
1
(Romeo-Mike-Mike-Nine-One) Cuir in eagar ar Wikidata

Is long spiaireachta (nó long bhailithe faisnéise) de chuid na Rúise í an Yantar (Rúisis: Янтарь, 'Ómra'). Is é Severomorsk calafort na loinge, agus is cuid den Cabhlach Thuaidh í.

Longchlós Yantar nó ómra ("amber"), Kaliningrad

Dearadh agus tógáil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an long sa Longchlós Yantar i Kaliningrad. Leagadh an long síos ar an 8 Iúil 2010, seoladh í i mí na Nollag 2012, agus tháinig a trialacha farraige chun críche i mí Bhealtaine 2015". Tá fad 108 méadar ar an long, toillíocht 5,736 tonna agus buaicluais de thart ar 15 mhuirfhach (28 km/u; 17 m/u). Go hoifigiúil tá foireann de 60 duine uirthi.

Tá an Yantar in ann cur isteach ar cháblaí fomhuirí. Chonacthas an long ag seoladh síos Muir Éireann i mí na Samhna 2024, ó dheas-iarthar Oileán Mhanann agus soir ó Bhaile Átha Cliath; luíonn cáblaí ag iompar sonraí do Microsoft, Google. srl. Thionlaic an long Éireannach LÉ James Joyce. amach as Muir Éireann í.

I mí na Samhna 2025, chonacthas an Yantar amach ó chósta na hAlban, agus í ar a bealach i dtreo uiscí atá faoi smacht na hÉireann. Gheall an Ríocht Aontaithe freagairt mhíleata dá n-aistreodh sí níos faide ó dheas. Bhí an long ag díriú léasair ar phíolótaí RAF a seoladh chun faireachas a dhéanamh. Mhaígh ambasáid na Rúise sa Ríocht Aontaithe go raibh histéire á cothú chun aird daoine a tharraingt ón drochbhail ar an ngeilleagar sa Bhreatain.[1]

Bhí long spiaireachta ón Rúis, an Viktor Leonov, ag seoladh in uiscí na hÉireann i mí Aibreáin 2025. Thionlaic an LÉ Samuel Beckett an soitheach.[2]

Bhí líon na n-eachtraí hibrideacha ar bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar an Bhreatain ag méadú ó thús na Cogaíochta san Úcráin.[3] Tharla méadú suntasach i réimse na cibear-ionsaithe chomh maith. Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Costa,gur “ionsaí hibrideach” a bhí i gceist le heachtraí na ndrón le linn 2025.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Conradh na Gaeilge Londain (22 Samhain 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-11-23.
  2. Nuacht RTÉ (2025-04-11). "Seolta crochta ag long spiaireachta ón Rúis" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2025-12-09). "Gan bhaint le dróin i rith chuairt Zelensky- Ambasáid na Rúise" (as ga-IE). 
  4. "Diúltaithe ag an Taoiseach glacadh le maíomh ambasadóir na Rúise faoi dhróin os cionn Bhaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-12-09). Dáta rochtana: 2025-12-09.