Jump to content

Y Selar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánY Selar
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
MaisiúchánElgan Griffiths
Teangaan Bhreatnais
Am tosaighSamhain 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Eatramh foilsitheRáitheachán
SeánraIris cheoil
PríomhábharCeol comhaimseartha na Breatnaise
EagarthóirOwain Schiavone Cuir in eagar ar Wikidata
Formáid dáilteAr líne

Suíomhselar.cymru… Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: cylchgrawnyselar X: y_selar Instagram: cylchgrawnyselar Cuir in eagar ar Wikidata

Is iris cheoil chomhaimseartha Breatnaise í Y Selar a fhoilsítear ceithre huaire sa bhliain. Cuimsíonn sí agallaimh le healaíontóirí, colúin, léirmheasanna agus ailt éagsúla eile a bhaineann le suíomh cheol chomhaimseartha na Breatnaise. Díríonn an iris ar lucht léite óg, agus go háirithe ar dhaoine idir 16 agus 25 bliain d'aois.

Foilsíodh an chéad eagrán i mí na Samhna 2004. Maoinítear é le deontas irisleabhair Breatnaise ó Chomhairle Leabhar na Breataine Bige, agus trí dhíol fógraí. Clóitear 4000 cóip den iris, agus foilsítear leagan digiteach de gach eagrán freisin.

Ba é Owain Morgan Jones an chéad eagarthóir ar an iris, sular ghlac Owain Schiavone an ról sa bhliain 2008. Is é Gwilym Dwyfor eagarthóir reatha na hirise.

Tá gradaim bhliantúla ceoil, Gradaim Y Selar, á reáchtáil ag an iris ó 2009 i leith – na gradaim cheoil Breatnaise amháin ina bhfuil an bhótáil oscailte don phobal. Reáchtáladh oíche bheo duaiseanna den chéad uair i Halla Hendre in aice le Bangor, Gwynedd, i mí an Mhárta 2013. Bhuaigh Y Bandana [cy] trí dhuais ar an oíche.

Ó 2014 i leith,[1] bíonn oíche na ngradam ar siúl in Ollscoil Aberystwyth.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]