Jump to content

Woiwurrung

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaWoiwurrung
Cineálteanga nádúrtha, teanga mharbh, teanga díothaithe agus canúint
Canúint naWoiwurrung
Úsáid
Dúchasach doVictoria
Stáitan Astráil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha Bundúchasacha na hAstráile
Pama–Nyungan (en) Aistrigh
Kulinic (en) Aistrigh
Kulin (en) Aistrigh
Woiwurrung
Cóid
ISO 639-3wyi
Glottologwoiw1238
Ethnologuewyi Cuir in eagar ar Wikidata
IETFwyi Cuir in eagar ar Wikidata
Endangered languages6734 Cuir in eagar ar Wikidata

Teanga Bundúchasach na hAstráile is ea Woiwurrung (uaireanta Woiwurrong, Woiworung, Wuywurung), atá á labhairt ag na Wurundjeri de chuid an náisiún Kulin i lár Victoria, ón Sliabh Baw Baw san oirthear, agus siar chuig Sliabh Macedon, Sunbury agus Gisborne san iarthair. Maireann an teanga fós, ach ní heol do mhorán daoine an teanga, de thoradh tionchar an choilíneachais.

Bhí na clanna Woiwurrung lonnaithe ar bhruach na hAbhann Yarra, a thugtar ‘Birrarung’ sa teanga Woiwurrung, sular díbríodh iad ag na hEorpaigh. Tá na clanna, mar leanas:

  • Na Wurrundjeri-willam, a bhí cónaí orthu i gceantar na hAbhann Yarra agus na craobhaibhneacha atá aici (cathair Melbourne sa lá atá ann inniu). Tagraíodh iad ag na hEorpaigh ar dtús báire mar an “treibh Yarra Yarra”.
  • Na Marin-Bulluk
  • Na Kurung-Jang-Bulluk
  • Na Wurundjeri-Balluk
  • Na Balluk-willam

Tugtar 'Wurundjeri' mar ainm coiteann ar chách atá de shliocht na gclann Woiwurrung. Tá an t-iolar Bunjil agus an préachán Waa mar tótaim dóibh. Mháigh an Ghluaiseacht Jindyworobak gur tháinig an t-ainm as an bhfrása Woiwurrung jindi worobak, rud a chiallaíonn ‘glac seilbh’ nó ‘dul isteach’.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]