William Tubman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
William Tubman, 1943

Polaiteoir Libéarach ab ea William Vacanarat Shadrach Tubman (29 Samhain 189523 Iúil 1971). 19ú huachtarán na Libéire a bhí ann, ó bhliain a thofa, 1944, go dtí a bhás sa bhliain 1971. Áirítear é go minic mar "Athair na Libéire nua-aimseartha".

Tharraing Tubman infheistíocht ó thar lear, rud a chuidigh go mór le cruth an 20ú céad a chur ar gheilleagar na Libéire. Tháinig rath áirithe ar an tír agus é in oifig. Chuir sé beartas aontais náisiúnta i bhfeidhm freisin le difríochtaí sóisialta agus polaitiúla idir a chomh-Libéaraigh Mheiricánacha agus na Libéaraigh dúchasacha a laghdú.

A luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh William Tubman ar 29 Samhain 1895 in Harper, Liberia. Saor cloiche ab ea athair Tubman, an tOirmhinneach Alexander Tubman,[1] chomh maith le seanmóirí Modhach, ginearál in Arm na Libéire, agus Ceann Comhairle Theach Ionadaithe na Libéire.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]