William Fox Talbot
Grianghrafadóir ceannródaíoch a rugadh i Melbury Abbas Shasana ab ea William Henry Fox Talbot (10 Nollaig 1800 - 29 Nollaig 1877). I 1838 d'éirigh leis clónna fótagrafacha a dhéanamh den chéad uair ar pháipéar le clóiríd airgid air. Phaitinnigh sé an próiseas i 1841 agus thug Calchló (Calotype) air.[1]
D'fhionn Fox Talbot próiseas inar réalaigh is ar bhuanaigh sé claoníomhá nochtaithe, agus a ndearna íomhá dearbhchló uaidh sin. D'fhorbair William Henry Fox Talbot an claonchló i 1835, rud a chuir ar chumas clódóirí macasamhla gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba ar pháipéar a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin (ceallafán) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin.[1][2]

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Hussey, Matt (2011). "William Henry Fox Talbot". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 641.
- ↑ Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |