Wesley Moraes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWesley Moraes

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(pt) Wesley
Beathaisnéis
Breith(pt) Wesley Moraes Ferreira da Silva
26 Samhain 1996
27 bliana d'aois
Juiz de Fora, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Meáchan93 kg
Airde191 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2015 –
TeangachaAn Phortaingéilis
Tír spóirtan Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtIonsaitheoir
Uimhir spóirt7
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
2015–2015 FK AS Trenčín (en) Aistrigh 18(6)
2016–2019 Club Brugge K.V. (en) Aistrigh
2019– Aston Villa Football Club
2021–2021iasacht Club Brugge K.V. (en) Aistrigh
2022–iasacht S.C. Internacional (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: wesleymoraes07 Cuir in eagar ar Wikidata

Peileadóir gairmiúil Brasaíleach é Wesley Moraes Ferreira da Silva (rugadh 24 Samhain 1996), ar a dtugtar Wesley go coitianta. Imríonn mar thosaí láir do chlub 1A Pro League Club Brugge agus é ar iasacht ó chlub Premier League Aston Villa agus d’fhoireann náisiúnta na Brasaíle.

Chuir sé tús lena shlí bheatha i bhfoireann na Brasaíle Itabuna sular aistrigh sé go Trenčín sa Super Liga tSlóvacach agus ina dhiaidh sin go Club Brugge, áit ar bhuaigh sé dhá theideal sraithe agus ainmníodh mar Pheileadóir Gairmiúil Óg na Bliana sa Bheilg in 2018. D'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta don Bhrasaíl i mí na Samhna 2019.

Gairm club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar ógánach d’imir Moraes futsal timpeall a bhaile dúchais Juiz de Fora[1]. D'aistrigh sé go dtí an pheil agus rinne sé ionadaíocht ag Associação Esportiva Uberabinha agus ag an Sport Club Juiz de Fora ar feadh tréimhsí diffriúla. In 2013, chaith sé trí mhí ag Atlético Mineiro, ach scaoileadh saor é; an bhliain sin, d’imir sé do Tupi freisin[2]. Tar éis dó dul isteach san taobh áitiúil Itabuna ag ocht mbliana déag d’aois, d’imir Wesley go leathphroisiúnta san leibhéal stáit Campeonato Baiano in 2014, ach d’fhág sé sa chlub tar éis trí mhí.[2]

Chuaigh sé ar a thriail ina dhiaidh sin le clubanna Eorpacha. Rinne sé triail sé mhí i bhfoireann acadamh Atlético Madrid, áit ar imir sé i gcomórtais i mBilbao agus sa Chróit, agus ina dhiaidh sin triail trí mhí ag AS Nancy; níor thairg ceachtar de na clubanna conradh gairmiúil dó.[3] Rinne Wesley triail freisin le foireann Evian i Ligue 2[3].

Trenčín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Wesley le AS Trenčín sa Super Liga Slóvaice i mí Iúil 2015, dream a tháinig ar an eolas faoi tar éis a thrialacha san Eoraip. An 14 Iúil 2015, d’imir sé do Trenčín i gcoinne FCSB sa dara babhta cáiliúcháin de Shraith na Seaimpíní 2015–2016. Scóráil sé faoi dhó do Trenčín san athchluiche i gcoinne FCSB, ag cabhrú lena fhoireann bua 3–2 a bhaint amach ach níor lean an club ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile.[4]

Club Brugge[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh Wesley go Club Brugge ar an 29 Eanáir 2016. Scóráil sé a chéad bháire ina chéad chluiche i gcoinne KVC Westerlo. Bhí sé ag streachailt le saincheisteanna ionsaitheachta le linn a chéad séasúr leis an gclub. Mar thoradh air sin fuair sé go leor cártaí buí agus cuireadh den pháirc é uair amháin. I gcluiche i gcoinne Royal Antwerp, chaith sé téip ar a lámha chun meabhrú dó féin a mhisneach a choinneáil.[5]

Aston Villa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 13 Meitheamh 2019, shínigh Wesley conradh le Aston Villa sa Premier League ar tháille £22,000,000 (€25,443,425)[6]. Tar éis campa oiliúna seachtaine leis an gcuid eile den scuad, rinne Wesley a chéad chluiche do Villa i gcluiche cairdiúil i gcoinne Minnesota United ar an 17 Iúil 2019[7]. Scóráil Wesley a chéad sprioc le Villa sa tríú cluiche aige, ag tosú na scórála i mbuachan 2–0 ar Everton ar an 23 Lúnasa, ag bualadh Jordan Pickford leis an gcéad bhuille. Ar an 1 Eanáir, 2020, gortaíodh a bhallnasc crosach tar éis do Ben Mee ó Burnley é a thaicleáil. Scóráil Wesley níos luaithe sa chluiche, bua 2-1.[8]

D’fhan sé ar an gclaí go dtí an 26 Márta 2021, nuair a d’imir sé ar feadh 45 nóiméad i gcluiche cairdiúil i gcoinne West Bromwich Albion[9].

D’fhill sé ar an Premier League mí ina dhiaidh sin, ag imirt i gcoinne West Brom, ag teacht amach ón mbinse in ionad Bertrand Traore le linn am breise i gcluiche cothrom 2-2 i gcoinne na Baggies[10].

Ar iasacht ag Club Brugge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Lunasá 2021, chuaigh Wesley air ais go Club Brugge ar iasacht i gcomhair an tséasúir[11]

Gairm idirnaisíunta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Wesley a chéad chluiche idirnáisiúnta don Bhrasaíl ar an 15 Samhain 2019, ag teacht amach ón mbinse i gcaillteanas 1–0 in aghaidh na hAirgintíne[12].

Stíl imearthá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Wesley le cos amháin beagnach trí ceintiméadar níos giorra ná an ceann eile, rud a d’fhág gurbh fhéidir a shiúl a chur i gcomparáid le siúl a chomhthírigh cháiliúil Garrincha.[1] Chuir Joseph Chapman ón Birmingham Mail i gcomparáid le hiarbhuailteoir Aston Villa, Christian Benteke, é as a bhagairt láidir san aer agus as é a bheith chomh teann as féin ag bualadh na liathróide.[13]

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhás Wesley aníos i gcathair Juiz de Fora, 200 ciliméadar ó Rio de Janeiro.[5] Peileadóir ba ea a athair a d’imir i lár páirce ach ní dhearna sé ach méid beag airgid as. Mhol Wesley a athair as peil a mhúineadh dó. D'éirigh a athair leathchraplaithe níos déanaí agus fuair sé bás d'ailse inchinne nuair a bhí Wesley naoi mbliana d’aois.[5]

Tá beirt chlainne ag Wesley ó dhá chomhpháirtí éagsúla, Yan agus Maria Eduarda. Rugadh an chéad leanbh nuair a bhí Wesley 14 bliana agus an dara leanbh nuair a bhí sé 16 bliana.[1][5] Agus é 16 bliana d’aois bhí sé ag sórtáil scriúnna i monarcha chun a theaghlach a chothú agus é páirteach i dtrialacha sacair sular aistrigh sé go AS Trencin.[5]

Staítisticí gairme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón 21 Lúnasa 2020[14][15]

Club Seásúr Sraith Sraith stáit Corn Eoraip Eile Iomlán
Roinn Imirt Cúil Imirt Cúil Imirt Cúil Imirt Cúil Imirt Cúil Imirt Cúil
Itabuna 2014 Baiano 2ª Divisão 1 0 1 0
Trenčín 2015–16 Fortuna Liga 18 6 2 0 2 2 22 8
Club Brugge 2015–16 An Chéad Roinn A den Bheilg 6 2 6 2
2016–17 An Chéad Roinn A den Bheilg 25 6 1 0 5 0 1 0 32 6
2017–18 An Chéad Roinn A den Bheilg 38 11 5 2 1 0 44 13
2018–19 An Chéad Roinn A den Bheilg 38 13 1 0 8 3 1 1 48 17
2021-2022

(Iasacht)

An Chéad Roinn A den Bheilg 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Iómlan 107 32 0 0 7 2 14 3 2 1 130 38
Aston Villa 2019–20 Premier League 21 5 1 1 0 0 0 0 22 6
2020–21 Premier League 3 0 0 0 0 0 0 0 3 0
2021-2022 Premier League 1 0 0 0 0 0 0 0 0 0 1 0
Iomlan Aston Villa 25 5 0 0 1 1 0 0 0 0 26 6
Iomlan gairm 150 43 1 0 10 3 16 5 2 1 179 52

Ónoracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

AS Trenčín

Club Brugge

  • An Chéad Roinn A den Bheilg: 2015–16, 2017–18[16]
  • Sár-Chorn na Beilge: 2016, 2018[17]

Imreoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Wesley Moraes: Aston Villa’s record signing with a remarkable backstory" (en). the Guardian (2019-07-21). Dáta rochtana: 2021-02-20.
  2. 2.0 2.1 Superesportes, Superesportes (2018-11-10). "Dispensado pelo Atlético, destaque na Bélgica e cobiçado pelo Bayern: conheça a história do atacante Wesley Moraes" (pt-br). Superesportes. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  3. 3.0 3.1 "'Novo Lukaku', brasileiro sensação na Europa foi dispensado por Atlético-MG e desistiu do Cruzeiro" (pt). ESPN.com (2018-08-08). Dáta rochtana: 2021-02-20.
  4. "FCSB vs. Trenčín - 22 July 2015 - Soccerway". uk.soccerway.com. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Gary Jacob. "How Wesley Moraes arrived at Aston Villa via Brazil, Slovakia and Belgium" (en). Dáta rochtana: 2021-02-20.
  6. "Aston Villa sign Wesley Moraes from Club Brugge for £22m" (en). Sky Sports. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  7. Ashley Preece (2019-07-18). "This is how Wesley Moraes played on his Aston Villa debut" (en). BirminghamLive. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  8. Ben Husband (2020-01-02). "Details emerge on the severity of Aston Villa striker Wesley's injury" (en). BirminghamLive. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  9. Richard Cusack (2021-03-26). "Aston Villa fans go wild as Wesley return footage emerges" (en). BirminghamLive. Dáta rochtana: 2021-04-29.
  10. Aston Villa Football Club. "Keinan Davis’ maiden Premier League goal in the 92nd minute secured a dramatic 2-2 draw against midlands neighbours West Bromwich Albion at Villa Park". Aston Villa Football Club. Dáta rochtana: 2021-04-29.
  11. "Wesley leaves Aston Villa for loan spell at Club Brugge" (en). The Independent (2021-08-28). Dáta rochtana: 2021-08-28.
  12. "Brazil vs. Argentina - 15 November 2019 - Soccerway". int.soccerway.com. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  13. Joseph Chapman (2019-06-14). "Who is Wesley? The answer to Villa's £22m transfer question" (en). BirminghamLive. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  14. "Wesley » Club matches" (en). worldfootball.net. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  15. "Brasile - Wesley - Profile with news, career statistics and history - Soccerway". it.soccerway.com. Dáta rochtana: 2021-02-20.
  16. 16.0 16.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC Sport.
  17. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".