Weiße Rose
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | organization related to nonviolence (en) WWII resistance group (en) comhlacht |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | Meitheamh 1942 |
| Bunaitheoir(í) | Sophie Scholl, Hans Scholl agus Alexander Schmorell |
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | Feabhra 1943 |
| Gníomhaíocht | |
| Ballraíocht | 16 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Cuid de | German resistance to Nazism (en) |
Ba ghrúpa neamhfhoréigneach sa Ghearmáin Naitsíoch ab ea Die Weiße Rose (Gaeilge: An Rós Bán) le linn an Dara Cogadh Domhanda, a bunaíodh i mí an Mheithimh 1942, ar thionscnamh Hans Scholl, mac léinn in Ollscoil München, agus roinnt dá chairde. Thagair siad do luachanna Críostaí agus daonnacha agus ghníomhaigh siad go neamhfhoréigneach i gcoinne deachtóireachta an tSóisialachais Náisiúnta. Dhréachtaigh siad, chlóigh siad agus scaip siad go rúnda sé phaimfléad san iomlán, ag séanadh na gcoireanna a rinne an réimeas agus ag éileamh ar na daoine seasamh ina n-aghaidh. I mí Feabhra 1943, ghabh an Gestapo roinnt ball den ghrúpa; i gceann cúpla lá, cuireadh ar a dtriail iad, daoradh chun báis iad agus cuireadh chun báis faoin ngilitín. Sa Ghearmáin, sa lá atá inniu ann, tá siad fós i láthair mar shiombail den mhisneach shibhialta agus den ionracas morálta.
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí croílár na heagraíochta comhdhéanta de Hans Scholl, Sophie Scholl, Willi Graf, Alexander Schmorell, Christoph Probst (mic léinn in Ollscoil München, idir 21 agus 25 bliain d'aois) agus an tOllamh Kurt Huber . Thacaigh go leor daoine leo, fiú ag glacadh páirte ina ngníomhartha;.iad siúd a raibh eolas acu ar an ngrúpa agus nár nocht an rún, de bharr na gcúinsí, rinne siad cuid mhór cheana féin. Ní raibh aon bhaill fhoirmiúla ann.
Bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús na bliana 1941, bhuail an mac léinn leighis Hans Scholl lena chomhscoláire Alexander Schmorell, agus i measc chairde Schmorell bhí Christoph Probst, mac léinn leighis freisin.
I mí na Bealtaine 1942, chuir Sophie Scholl tús lena cuid staidéir ar an mbitheolaíocht agus ar an bhfealsúnacht i München.
I mí an Mheithimh, ag cruinniú tráthnóna, bhuail Hans Scholl go pearsanta le Kurt Huber den chéad uair; cé go raibh se ag freastail ar a chuid léachtaí cheana féin.
Bhuail Willi Graf, a bhí ag déanamh staidéir ar an leigheas ó Aibreán 1942 freisin, le Hans Scholl agus Probst an samhradh sin.
Tar éis a dtaithí ag an fhronta, agus tar éis dóibh cuntais a chloisteáil ar na dúnmharuithe sa Pholainn agus sa Rúis, chinn Alexander Schmorell agus Hans Scholl go raibh gá le gníomhú. An samhradh sin, dhréachtaigh siad an chéad cheithre phaimfléad agus chuir siad iad gan ainm tríd an bpost chuig intleachtóirí i gceantar München.
Gníomhaíocht rúnda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh, phriontáil agus dháil an grúpa sé phaimfléad san iomlán (in eagráin a shroich 9,000 cóip faoi dheireadh), ina ndénfaí cinedhíothú na Naitsithe a shéanadh, agus ag iarraidh frithbheartaíochta. Tar éis Chath Stalingrad, spraeáil siad manaí i gcoinne Hitler agus an Naitsíochais ar fhoirgnimh phoiblí i München freisin.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Die weiße Rose – Abschied von einem Mythos 25 bliain tar éis fhorghníomhú na siblíní Scholl, tá na húdair ag fiosrú na ceiste ar chóir cuimhneamh air seo agus conas. Tá a dtuairim ag gaolta, cairde agus finnéithe comhaimseartha.