Walter Bradford Cannon
Jump to navigation
Jump to search
Fiseolaí a rugadh i bPrairie du Chien, Wisconsin ab ea Walter Bradford Cannon (1871-1945). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar úsáid X-ghathanna chun staidéar a dhéanamh ar chonair an bhia agus iarmhairtí rith fola is turrainge. Rinne sé taighde ar na hormóin agus tarchur na néaróg. Shaothraigh sé coincheap an chomhshaoil thairisigh inmheánaigh fhiseolaíoch, ar thug sé hoiméastáis air.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |