Walter Bagehot
Walter Bagehot | |
![]() | |
Dáta breithe | 3 Feabhra 1826 |
Langport, Somerset, Sasana | |
Dáta báis | 24 Márta 1877 |
Langport, Sasana | |
Náisiúntacht | Briotanach |
Gairm | Fear gnó, iriseoir, polaiteoir |
Iomráiteach do | Príomheagarthóir ar The Economist |
Céile | Elisabeth {Eliza) Wilson |
Síniú![]() |
Iriseoir, aistí agus fear gnó Sasanach ab ea Walter Bagehot (3 Feabhra 1826 – 24 Márta 1877). Rugadh é agus fuair sé bás in Langport, Somerset.
A luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bancéir ab ea a athair. Rinne Walter Bagehot staidéar ag Coláiste na hOllscoile, Londain, ar dtús ar an matamaitic. Sa bhliain 1848 bronnadh M.A. air i bhfealsamh mórálta.
Iriseoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1855, chuir Bagehot an National Review lena chara Richard Holt Hutton.[1][2] Sa bhliain 1860, ceapadh é ina phríomh-eagarthóir ar The Economist. Sna 17 bliana a chaith sé sa phost, mhéadaigh Bagehot tuairisciú The Economist' ar an bpolaitíocht agus tionchar an nuachtáin ar lucht déanta beartas na Breataine Móire dá bharr.
Bhí an-tóir ar leabhar leis sa bhliain 1867, mar atá The English Constitution, a chuireann síos ar an mbealach a fheidhmíonn an córas Briotanach i ndáiríre.[3] I measc na saothar eile a scríobh sé tá Physics and Politics (1872), a bhí ar na chéad iarrachtaí coincheap na hÉabhlóide a chur i bhfeidhm ar an saol sóisialta agus an scríbhinn Lombard Street (1873), staidéar ar mhodhanna oibre na mbaincéirí[4].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Walter Bagehot by St. Norman John-Stevas The British Council/National Book League/Longmans, Greene & Co. London. (1963)
- ↑ Andrew King, John Plunkett (2005). "Victorian Print Media: A Reader". Oxford University Press. “National Review (1855–64) one of the most prestigious quarterlies of mid-century”
- ↑ Is fiú inniu féin féachaint ar: (it) Giampiero Buonomo, Test europeo per la riforma Premi e sanzioni, in Guida agli enti locali, n. 49-50/2011.
- ↑ Cfr. Bagehot and International Lending. Professor M. Lipton. The Financial Times (London, England), Dé Máirt, 12 Meitheamh, 1984; lgh. 17; Eagrán 29,344.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |