Walker Evans

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grianghrafadóir a rugadh i St. Louis, Missouri ab ea Walker Evans (1903-1975). Cáil air as a chomhshaothar leis an scríbhneoir James Agee, Let Us Now Praise Famous Men (Molaimis Anois Fir Cháiliúla, 1941), cur síos pictiúrtha ar bheatha is cruachás na bhfeirmeoirí tionóntacha bochta i bhfíordheisceart na Stát Aontaithe.