Vitis amurensis
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Vitales |
Fine | Vitaceae |
Géineas | Vitis |
Speiceas | Vitis amurensis Rupr., 1857 |
Speiceas d'fhíonchaor atá dúchasach ar mór-roinn na hÁise is ea Vitis amurensis, nó an Fhíonchaor Amúrach . Tagann a hainm ón Amúr, gleann atá sa Rúis agus sa tSín.
Tá sí frithsheasmhach in aghaidh siocáin, ach níl acmhainn aici ar an triomach. De ghnáth, mar speiceas bíonn friotaíocht láidir aici in aghaidh 'anthracnose' agus an fungas colletotrichum, agus bíonn friotaíocht measartha láidir aici in aghaidh coinclí clúmhaí agus coinclí púdraí.
Dáileadh agus éiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarsma is ea Vitis amurensis d'fhásra fothrópaiceacha réamh-oighreach de chuid an Cianoirthir, sroicheann sí leithead geografach Loch Kizi (thart ar an 51ú comhthreomhar). Ar feadh chósta Mhuir na Seapáine ó thuaidh sroicheann sí béal abhainn na Muli, agus réigiún an Amúir ar an taobh thiar - go dtían abhainn Zeya.
Fásann sí i bhforaoisí; na Manchúire, an réigiúin féinrialaitheacha Oblast na hAmúire (Rúisis: Аму́рская о́бласть, nó Amurskaya oblast), na Críoche Priomosky (Rúisis:Примо́рский край nó Primorsky Krai]]), oirdheiscirt na Sín (Anhui, Hebei, Heilongjiang, Jilin, Liaoning, Shandong, Shanxi, Zhejiang), na Seapáine (Honshu) agus na Cóiré.
Tá fíonchaora Amúracha aicmithe i dtrí fhospeiceas:
- V. amurensis var. amurensis
- V. amurensis var. dissecta
- V. amurensis var. yanshanensis
Cur síos luibheolaíoch
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tábhacht agus úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]úsáidtear fíonchaora Amúracha go forleathan mar phlanda ornáideach le haghaidh garraíodóireachta ingearacha. De ghnáth saothraítear iad chomh fada ó thuaidh le Cathair Pheadair san Eoraip Rúiseach, áit ina gcuirtear iad.
Stair an tsaothraithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh samplaí de V. amurensis san iar-APSS le haghaidh staidéir ar a frithsheasmhacht in aghaidh teochta ísle. Fuarthas cineálacha hibrideacha as an tras V. amurensis x V. viniferanó V. labrusca x V. amurensis.
Ceimic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir na holigostilbenes amurensin A, B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L and M a fháil i V. amurensis.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fíonchaora hibrideacha