Jump to content

Virginia Giuffre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVirginia Giuffre
Beathaisnéis
Breith(en) Virginia Louise Roberts Cuir in eagar ar Wikidata
9 Lúnasa 1983
Sacramento, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Aibreán 2025
41 bliana d'aois
Neergabby, Western Australia Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú
Gníomhaíocht
Gairmpríomhoifigeach feidhmiúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
Giuffre v. Maxwell Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm10947513 TMDB.org: 3826651
X: VRSVirginia Cuir in eagar ar Wikidata


Prince Andrew, iar-HRH Duke of York
Mar-a-Lago,[1] club sómasach agus teach cónaithe Trump, áit a chas Epstein le Giufffre sa bhliain 2000 (agus in aois 16 di)

Bhí Virginia Giuffre, née Virginia Roberts (9 August 1983 -25 Aibreán 2025) ar dhuine de na daoine is mó a labhair amach sna 2010-20idí ag cur líomhaintí i leith Jeffrey Epstein agus a chailín, Ghislaine Maxwell, agus an Prionsa Andrew. In 2015 bhunaigh sí an eagraíocht neamhbhrabúis Speak Out, Act, Reclaim (SOAR) chun tacaíocht a thabhairt do mhná a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis.​

Jeffrey Epstein, 2013

Mar phaiste i gCalifornia agus Florida, tugadh an-drochíde do Giuffre agus bhí sí suaite ina mothúcháin.

Agus 16 in aois di, sa bhliain 2000, thosaigh Giuffre ag obair mar chúntóir i Mar-a-Lago, club príobháideach agus sómasach i Palm Beach, Florida a bhí faoi úinéireacht Donald Trump. Chuaigh Ghislaine Maxwell i dteagmháil léi sa Chlub. De réir a ráitis, thairg Maxwell post di mar "theiripeoir suathaireachta" do Epstein, ag gealladh oiliúna agus tacaíochta. Dúirt Giuffre gur úsáideadh an tairiscint seo mar bhealach chun í a thabhairt isteach i gcóras gáinneála gnéis Epstein. (Cé go raibh Mar-a-Lago mar shuíomh ina ndearnadh Giuffre a earcú, níl fianaise ann go raibh baint dhíreach ag Donald Trump le gáinneáil nó le mí-úsáid Giuffre).[2]

D'éalaigh Giuffre ó chrúcaí Epstein dhá bhliain níos déanaí, nuair a phós sí Robert Giuffre in 2002. Shocraigh an lánúin síos san Astráil agus bhí triúr clainne acu.[3]

Chuaigh na póilíní (an FBI) i dteagmháil le Giuffre don chéad uair in 2007. Le linn na 2010idí, d'éirigh Giuffre ina figiúr lárnach i nochtadh na mí-úsáide a rinne Epstein agus Maxwell. Thug sí misneach d’íospartaigh eile teacht chun cinn agus chuir sí brú ar na húdaráis dul i ngleic le Epstein.

Scar Giuffre óna fear in 2023. Faoi chúram an athar, Robert Giuffre, a cuireadh na páistí.[4]

In 2021, tugadh cúiseanna dlí in aghaidh Prince Andrew i gcúirt i Nua-Eabhrac as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar Giuffre le linn dó a bheith ag freastal ar ócáid a bhí eagraithe ag Jeffrey Epstein.[5] Líomhnaigh Giuffre go ndéanadh gáinneáil uirthi go dtí An Prionsa Andrew nuair a bhí sí 17. Shéan an Prionsa na líomhaintí. agus chuaigh an Prionsa i bhfolach ar na meáin in 2021.[6]

Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[7]

Ar an drochuair, chuir Virginia Giuffre lámh ina bás féin ag a teach feirme ar an 25 Aibreán 2025.[8] Bhí sí 41 bliain d'aois agus ina cónaí ina haonar in iarthar na hAstráile.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Mar-a-Lago" (as en) (2025-04-13). Wikipedia. 
  2. Tá grianghraif agus tuairiscí ann a léiríonn go raibh Trump agus Epstein i láthair le chéile ag ócáidí sóisialta ag Mar-a-Lago sna 1990idí, ach níor líomhnaíodh go raibh Trump páirteach sa chiorcal gáinneála gnéis.
  3. Nuacht RTÉ (2025-04-26). "Virgina Giuffre tar éis bháis" (as ga-IE). 
  4. "Epstein accuser Virginia Giuffre dies by suicide aged 41" (en) (2025-04-26). Dáta rochtana: 2025-04-27.
  5. Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-16.
  6. "Virginia Giuffre v. Prince Andrew" (as en) (2025-04-03). Wikipedia. 
  7. Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE). 
  8. "Virginia Giuffre" (as en) (2025-04-27). Wikipedia.