Jump to content

Vincent Kearney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVincent Kearney
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1965
60 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir (2001) Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNuacht RTÉ, eagarthóir scannán (2021)
Nuacht RTÉ, comhfhreagraí (20192021)
BBC Thuaisceart Éireann (20012019) Cuir in eagar ar Wikidata

Is iriseoir as Iarthar Bhéal Feirste é Vincent Kearney (a rugadh ar an 1 Meitheamh 1965). Ceapadh é mar Eagarthóir Thuaisceart Éireann le Nuacht RTÉ in Aibreán 2021, mar chomharba ar Tommie Gorman.[1][2]

D'oibrigh Kearney mar thuairisceoir agus léiritheoir do nuacht agus chláir faisnéise leis an BBC, lena n-áirítear ceithre bliana le clár Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann. Bhí sé ina Chomhfhreagraí Gnóthaí Baile le BBC Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste ó Aibreán 2006 go 2019, ina Chomhfhreagraí Thuaisceart Éireann leis an Sunday Times, agus d'oibrigh sé leis an Belfast Telegraph ar feadh naoi mbliana. Ba iar-Iriseoir na Bliana é i dTuaisceart Éireann.[3]

Ceapadh Kearney mar Chomhfhreagraí Thuaisceart Éireann le RTÉ in Eanáir 2019.

MI5 ag cúléisteacht teileafóin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig sé chun solais le linn imeachtaí ag an mBinse Cumhachtaí Iniúchta i Londain go ndearnadh monatóireacht neamhdhleathach ar Kearney ar dhá ócáid idir 2006 agus 2009.[4] Chuir Kearney síos air mar unprecedented, sé sin, nach raibh fasact ann dó sin riamh roimhe agus go raibh sé "deeply concerning"..go raibh imní mhór air féin agus iriseoirí eile.[4]


Cuid d'fheachtas fada, leanúnach agus neamhdhleathach a bhí sa mhonatóireacht a rinne seirbhísí faisnéise na Breataine ar Kearney. Theastaigh uathu fáil amach cé na foinsí a bhí aige maidir le scéalta nuachta áirithe. Chruthaigh an SPTÉ próifíl mhionsonraithe de dhintiúir phearsanta agus phroifisiúnta Kearney, sonraí faoina bhean chéile agus máthair a chéile san áireamh. [5]

Dúirt Patrick Corrigan, stiúrthóir Amnesty International sa Tuaisceart; "The right of a journalist to protect their confidential sources is the bedrock in which the free press is built, so this is particularly alarming."[4] s 'Northern Ireland "The right of a journalist to protect their confidential sources is the bedrock in which the free press is built, so this is particularly alarming ."[4]

Dúirt Gerry Kelly gur ghá do MI5 a bheith cuntasach as, ag cur leis: "The government have to bring in an accountability mechanism which works.""[4]

Dúirt Claire Hanna;"The Policing Board must exercise its powers to conduct a forensic review of surveillance practices targeting local journalism and to examine any political interference by security actors, a clear abuse of power that cannot be justified.[4]

Thug Póilín Ní Chiaráin le fios "Ní mór don Státrúnaí Hilary Benn a dhul i ngleic leis na ceisteanna seo, go práinneach. Ní iriseoirí ag tochras ar a gceirtlín féin atá i gceist. Tá iriseoireacht neamhspleách, neamheaglach ag croílár an daonlathais agus tá póilíneacht d’ardchaighdeán a thuilleann tacaíocht an phobail dlite do gach saoránach. Tá fiosrú poiblí neamhspleách á éileamh ag Amnesty. Is cinnte go bhfuil gníomhartha riachtanach: i bhfianaise na rúin a scaoileadh le deireanas agus na rúin atá a fhios againn a ceileadh, ní fhuasclóidh briathra an ghéarchéim. Cé a chreidfeadh na briathra?" [6]



Tá cónaí ar Kearney agus ar a bhean chéile Louise i Lorgain, Co. Ard Mhacha.

  1. RTÉ (2021-01-29). "RTÉ News announces Vincent Kearney as new Northern Ireland Editor" (en-GB). About RTÉ. Dáta rochtana: 2026-02-26.
  2. Vincent Kearney Northern Editor (2022-02-09). "Vincent Kearney" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2026-02-26.
  3. "Former BBC NI journalist Vincent Kearney named RTE’s new northern editor" (en). Belfast News Letter (2021-01-29). Dáta rochtana: 2026-02-26.
  4. 1 2 3 4 5 6 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
  5. Nuacht RTÉ (2026-02-25). "Monatóireacht neamhdhleathach déanta ar iriseoir i mBéal Feirste" (as ga-IE).
  6. An bhfuil an PSNI éirithe as iompar neamhdhleathach in aghaidh iriseoirí?