Vilfredo Pareto
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 15 Iúil 1848 Páras, An Fhrainc |
| Bás | 19 Lúnasa 1923 75 bliana d'aois Céligny, An Eilvéis |
| Áit adhlactha | New cemetery of Céligny (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Caitliceachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Politecnico di Torino |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Eacnamaíocht agus socheolaíocht |
| Gairm | eacnamaí, múinteoir ollscoile, innealtóir, socheolaí, fealsamh, matamaiticeoir |
| Fostóir | Ollscoil Lausanne Ollscoil Sapienza na Róimhe Ollscoil Genoa |
| Ball de | |
| Gluaiseacht | School of Lausanne (en) |
| Faoi thionchar | |
| Teangacha | An Fhraincis agus an Iodáilis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | Jeanne Regis Alessandrina Bakunina (en) |
| Athair | Raffaele Pareto (en) |
Ileolaí Iodálach ab ea Vilfredo Federico Damaso Pareto[1] ( rugadh é mar Wilfried Fritz Pareto ; [2] 15 Iúil 1848 – 19 Lúnasa 1923), a raibh spéis aige sa tsocheolaíocht, san innealtóireacht shibhialta, san eacnamaíocht, san eolaíocht pholaitiúil, agus sa fhealsúnacht. Rinne sé roinnt ranníocaíochtaí tábhachtacha don eacnamaíocht, go háirithe i staidéar ar dháileadh ioncaim agus in anailís ar roghanna daoine aonair, agus bhí sé ar dhuine de na hintinn taobh thiar de Scoil Eacnamaíochta Lausanne. Bhí sé freagrach freisin as úsáid an téarma 'éilít' (nó scothaicme) a chur chun cinn san anailís shóisialta, agus chuir sé le teoiric na scothaicme. Tuairiscíodh é mar "one of the last Renaissance scholars. Trained in physics and mathematics, he became a polymath whose genius radiated into nearly all other major fields of knowledge."[3]
Thug sé isteach Coincheap na hÉifeachtúlachta Pareto agus chuidigh sé le réimse na micreacnamaíochta a fhorbairt. Ba é an chéad duine freisin a d'áitigh go leanann ioncam dáileadh Pareto, arb é sin dáileadh dóchúlachta dhlí cumhachta. Prionsabal Pareto a tugadh ar an bprionsabal a ainmníodh ina dhiaidh, agus tógadh é ar a bhreathnuithe go raibh 80% den saibhreas san Iodáil ag thart ar 20% den daonra. Chuir sé leis na réimsí matamaitice agus socheolaíochta freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Iodálach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ Geoffrey Duncan Mitchell. A Hundred Years of Sociology. Transaction Publishers, 1968. p. 115. ISBN 9780202366647
- ↑ Boccara (9 September 2010). "Modeling Complex Systems" (in en): 372. Springer Science & Business Media. ISBN 978-1441965622.
- ↑ Wood (1999). "Vilfredo Pareto: Critical Assessments of Leading Economists" (in en) III: 188. London New York: Routledge. ISBN 978-0415184991.
- Síolta a bhaineann le daoine as an Iodáil
- Básanna i 1923
- Daoine a rugadh i 1848
- Scríbhneoirí Iodálacha
- Scríbhneoirí Iodálacha den 19ú haois
- Fealsúna Iodálacha den 19ú haois
- Scríbhneoirí Iodálacha den 20ú haois
- Comhaltaí foirne acadúla d'Ollscoil Lausanne
- Teoiric na Scothaicme
- Innealtóirí Iodálacha
- Innealtóirí as Torino
- Eisimirceach sa Fhrainc
- Scríbhneoirí Iodálacha i bhFraincis
- Frithchumannaigh Iodálacha
- Bunaitheoirí nuachtán Iodálacha
- Iodálaigh de shliocht Francach
- Socheolaithe Iodálacha