Vicipéid:Slí na Vicipéideoirí
Fáilte go dtí an leathanach oibre do Slí na Vicipéideoirí; an spás ina bhfuilimid ag forbairt oiliúint d'eagarthóirí ar an Vicipéid, do dhaoine nua agus do dhaoine atá ag eagrú le tamall.
Tá an leathanach seo fós á thógáil. Athrófar agus fásfaidh sé de réir mar a théann an obair chun cinn.
Cúlra
[athraigh foinse]Táimid ag obair ar an gceist seo ó 2023. Obair mhall atá ann – aithnítear é sin. Anuraidh, shocraigh Pobal Éireann Wikimedia ar an gcur chuige don Ghaeilge, agus ar an dóigh ar féidir linn cabhrú le pobal Vicipéid agus leis an nGaeilge tríd an obair seo.
Phléamar cuid de na smaointe seo ag cruinniú le grúpa Vicipéideoirí le déanaí. Tá an leathanach seo ag tosú ón bplé sin.
Cad atá beartaithe
[athraigh foinse]Seo cuid de na réimsí atá á bhforbairt againn faoi láthair. Níl aon rud críochnaithe fós – smaointe agus túsphointe atá ann:
- An Chéad Chéim: tús do dhaoine atá go hiomlán nua d'eagarthóireacht
- Cuir do ladhar ann – na chéad chéimeanna praiticiúla eagarthóireachta
- Ó shíolta go saothar: forbairt ábhair, ó thús go halt iomlán
- Tús maith, leath na hoibre: dea-chleachtas a laghdaíonn obair ghlanta do dhaoine eile
Beidh físeáin agus treoracha nasctha leis na modúil seo le himeacht ama.
Conas is féidir leat cabhair a thabhairt
[athraigh foinse]Tá gach leibhéal taithí fáilteach anseo; ó dhaoine atá díreach ag tosú go daoine atá ag eagarthóireacht le blianta.
Táimid ag bailiú eolas agus taithí an phobail le chéile. Más mian leat cuidiú:
- Cuir do chuid smaointe anseo: Plé na leathanaigh seo
- Luaigh leathanaigh nó struchtúir atá ag teastáil, dar leat
- Glac páirt sa phlé ar Halla baile
- Cruinniú míosúil le Pobal Éireann Wikimedia + níos mó ag teacht ar Fhorbairt Vicipéide amháin
Cláraigh do spéis
[athraigh foinse]Ar mhaith leat a bheith ar an eolas faoi Slí na Vicipéideoirí agus é ag forbairt? Cuir d'ainm leis an liosta thíos - is cuma cén leibhéal taithí atá agat.
- Amy Uí Ríordáin (Bainisteoir Pobail le Pobal Éireann Wikimedia)
- TheCraftyCailleach
- An Sionnach Rua
- Wikipidéanach
- Colin Ryan
- Taghdtaighde
- Cuir d'ainm anseo - bí linn!
Leathanaigh ghaolmhara
[athraigh foinse]Leanfaidh an leathanach seo ag fás. Fáilte roimh mholtaí ar an leathanach Plé.