Vicipéid:Réamhrá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fáilte chuig Vicipéid na Gaeilge – an leagan Gaeilge den Vicipéid.

Is é an aidhm atá ag an réamhrá seo ná roinnt eolas ginearálta a chur ar fáil faoi thionscadal na Vicipéide, agus spreagadh a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh ann.

Tá gá ag Vicipéid na Gaeilge leatsa. Tar agus bí i do Vicipéideoir!

Cad í an Vicipéid?

Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid ar féidir le cách í a chur in eagar. Bunaíodh an leagan Béarla ar an 15 Eanáir 2001.

Tháinig an leagan Gaeilge ar an bhfód ar an 7 Meitheamh 2003. Faoin tráth seo (Márta 2024) tá 116 duine ag cur léi ar bhonn rialta, agus tá 59,825 alt ar fáil uirthi. Tá leathanaigh eile ann, chomh maith, amhail an leathanach seo, a thugann eolas faoin Vicipéid é féin agus faoin eagarthóireacht, nó atá in úsáid mar áiteanna inar féidir le Vicipéideoirí plé a dhéanamh ar cheisteanna éagsúla.

Is féidir tuilleadh a léamh faoin Vicipéid nó faoi Vicipéid na Gaeilge ach cliceáil nó tapáil ar na naisc dhaite atá le feiceáil san abairt seo (agus ar gach leathanach eile ar an Vicipéid).

Cad é mar a thig liom cuidiú leis an Vicipéid?

Is iomaí bealach atá ann chun cuidiú leis an Vicipéid. Seo chugat trí cinn:

1. Cuir feabhas ar na hailt atá ann cheana.

Is féidir le duine ar bith leathanach ar bith ar an Vicipéid a chur in eagar. (Bhuel, beagnach – tá leathanaigh thábhachtacha áirithe faoi chosaint.) Moltar duit cuntas a chruthú sula ndéanfaidh tú aon eagarthóireacht, áfach, ionas go mbeidh sé níos éasca comhoibriú leat agus dul i dteagmháil leat maidir le do chuid oibre.

Tar éis duit cuntas a chruthú, téigh ag póirseáil trí chúpla alt (seo ceann fánach duit), agus bí ag faire amach d'aon rud atá míchruinn ó thaobh na bhfíricí de, nó aon rud atá lochtach ó thaobh cúrsaí gramadaí, cúrsaí comhréire, cúrsaí poncaíochta, cúrsaí stíle, nó cúrsaí formáidithe de. D'fhéadfá súil a choinneáil amach, chomh maith, d'aon rud atá míshoiléir, nó aon rud nach bhfuil ag teacht le beartais agus treoirlínte na Vicipéide: mar shampla, caithfidh dearcadh neodrach, neamhchlaonta a bheith ag gach alt – fiú na hailt sin a bhaineann le hábhair chonspóideacha. Seans go dtabharfaidh tú faoi deara freisin go bhfuil neart ailt ann a bhféadfaí tuilleadh eolais nó tuilleadh foinsí a chur leo.

Is féidir alt a chur in eagar ach cliceáil nó tapáil ar Cuir in eagar.

Má aimsíonn tú rud éigin a bhféadfaí a fheabhsú, cuir feabhas air! Níl le déanamh agat ach cliceáil nó tapáil ar an nasc Cuir in eagar ag barr an leathanaigh. (Tá leathanaigh áirithe ann nach bhfuil ach Cuir foinse in eagar le feiceáil orthu, rud atá beagáinín níos casta, ach pléifimid sin ar ball.)

Is féidir teacht ar stair an leathanaigh ach cliceáil nó tapáil ar Féach ar stair.

Ná bíodh eagla ort alt a chur in eagar! Ní féidir an Vicipéid a bhriseadh. Coinnítear cuntas i stair gach leathanaigh ar na hathruithe ar fad a dhéantar. Mar sin, má dhéanann tú botún, is féidir leat (nó le duine éigin eile) é a réiteach go héasca ach an t-athrú a chealú i stair an leathanaigh. Is féidir teacht ar stair an leathanaigh ach cliceáil nó tapáil ar Féach ar stair.

Moltar duit a bheith dána maidir le hathruithe a dhéanamh, ach gan loitiméireacht a dhéanamh, le do thoil.

Tá tuilleadh eolais faoin eagarthóireacht ar fáil sa dara chuid den réamhrá seo.

2. Cruthaigh ailt nua.

Mar aon le feabhas a chur ar na hailt atá ar an Vicipéid cheana, is féidir ailt nua a chruthú chomh maith. Má tá sé i gceist agat alt nua a chruthú, ar ndóigh, ní mór duit cuardach a dhéanamh ar dtús chun a chinntiú nach bhfuil alt ar an ábhar sin ar fáil cheana féin.

Agus sin déanta agat, ní mór duit a chinntiú, chomh maith, go bhfuil do rogha ábhar suntasach agus oiriúnach don Vicipéid, agus go bhfuil cúpla foinse iontaofa agat a bhféadfaí a chur leis an alt.

Má tá, coinnigh ort agus cruthaigh alt!

3. Scaip an scéal.

Tá Vicipéid na Gaeilge ar cheann de na foinsí eolais lán-Ghaeilge is luachmhaire dá bhfuil ann. Is seoid í, agus is é an rud is deise fúithi ná gur féidir le haon duine cur léi agus feabhas a chur uirthi!

Is áis iontach í d'aon duine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Gaeilge, nó cleachtadh a dhéanamh ar a chuid scileanna scríbhneoireachta, eagarthóireachta, agus aistriúcháin (más le foinsí i dteangacha eile a mbeifear ag plé – agus is minic a bheifear).

Mar sin, má tá aithne agat ar dhuine nó dhó atá an-tógtha le hábhar éigin, agus méid áirithe Gaeilge acu, abair leo cúpla abairt a scríobh faoi ar an Vicipéid. Cá bhfios? Seans go leanfaidh siad orthu ag scríobh tuilleadh abairtí ina dhiaidh sin. Tá andúileacht áirithe ag baint leis!

De réir a chéile a thógtar na caisleáin, a deir siad, agus tá caisleán breá Gaelach á thógáil anseo ar an Vicipéid.

Bí linn!


RéamhráEagarthóireachtCeisteanna agus comhluadar