Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an 4 Eanáir an ceathrú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 361 lá fágtha sa bhliain nó 362 i mbliain bhisigh.
1643 – Rugadh Isaac Newton, fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (b.1727)
1785 – Rugadh Jacob Grimm, scríbhneoir Gearmánach (b.1863)
1926 – Bunaíodh an chéad chlub eitleoireachta in Éirinn in Óstán Hibernian, Baile Átha Cliath
1937 – D'fhág Príomh-Raibí na hÉireann, an Dochtúir Isaac Herzog, Éire le haghaidh a thabhairt ar Iarúsailéim, áit a raibh post nua ag fanacht leis
1961 – Cailleadh Erwin Schrödinger, fisiceoir (r.1887)
1965 – Cailleadh T. S. Eliot, scríbhneoir (r.1888)
1969 – D'ionsaigh na Protastúnaigh lucht na máirseála ag Droichead Bhun Tolaid
1974 – Dhiúltaigh na hAontachtóirí do Chomhaontú Sunningdale ag cruinniú i mBéal Feirste
1977 – Rugadh Dónal Ó Sheancháin, iománaí
1986 – Cailleadh Phil Lynott, amhránaí Éireannach as Thin Lizzy
1999 – Tháinig an tEuro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil
2005 – Cailleadh Ali al-Haidri, gobharnóir ar Bhagdad (feallmharú)