Vicipéid:Laethanta roghnaithe/3 Lúnasa
Cuma
Is é an 3 Lúnasa an 215ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 216ú lá i mbliain bhisigh. Tá 150 lá fágtha sa bhliain.
- 1867 – Rugadh Stanley Baldwin, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (b. 1947)
- 1916 – Cailleadh Ruairí Mac Easmainn, 51, taidhleoir agus réabhlóidí (r. 1864)
- 1924 – Cailleadh Joseph Conrad, 66, úrscéalaí (r. 1857)
- 1938 – Rugadh Terry Wogan, craoltóir (b. 2016)
- 1940 – Rugadh Martin Sheen, aisteoir Meiriceánach
- 1945 – Rugadh Eamonn Dunphy, iar-imreoir sacair agus pearsa teilifíse
- 1963 – Chas an banna ceoil The Beatles don uair dheiridh sa Cavern Club i Learpholl
- 2001 – Phléasc an RIRA buama in Ealing, i Londain. Gortaíodh seachtar
- 2004 – Cailleadh Henri Cartier-Bresson, 95, grianghrafadóir Francach (r. 1908)
- 2008 – Cailleadh Aleksandr Solzhenitsyn, 89, scríbhneoir agus staraí Rúiseach (r. 1918)
- 2020 – Cailleadh John Hume, 83, polaiteoir agus duine de mhórcheannairí an phróisis síochána i dTuaisceart Éireann (r. 1937)