Vicipéid:Laethanta roghnaithe/28 Márta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an 28 Márta an 87ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 88ú lá i mbliain bhisigh. Tá 278 lá fágtha sa bhliain.

Inniu "Den učitelů" i bPoblacht na Seice.

Neil Kinnock

  • 1921 – Rugadh Dirk Bogarde, aisteoir (b.1999)
  • 1930 – Athraíodh na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc, tugadh İstanbul (Iostanbúl) ar Constantinople (Cathair Chonstaintín) agus tugadh Ankara (Ancara) ar Angora
  • 1939 – Thóg arm Francisco Franco Maidrid, ag cur deireadh le Cogadh Cathartha na Spáinne
  • 1941 – Cailleadh Virginia Woolf, úrscéalaí Briotanach (r. 1882)
  • 1942 – Rugadh Neil Kinnock, polaiteoir Briotanach
  • 1965 – Ghlac na mílte duine páirt i léirsiú de chuid Martin Luther King i Montgomery, Alabama
  • 1969 – Cailleadh Dwight D. Eisenhower, uachtarán SAM (r. 1890)
  • 1979 – Timpiste núicléach Three Mile Island, Pennsylvania, SAM
  • 1991 – Bhí fearg ar theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtubaiste Hillsborough mar bhreith giúiré gur bás tionóisceach a bhí san eachtra
  • 1994 – Cailleadh Eugène Ionesco, scríbhneoir agus drámadóir (r. 1912)
  • Tuilleadh teagmhais: 27 Márta28 Márta29 Márta