Vicipéid:Laethanta roghnaithe/21 Lúnasa
Cuma
Is é an 21 Lúnasa an 233ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 234ú lá i mbliain bhisigh. Tá 132 lá fágtha sa bhliain.
- 1693 – Cailleadh Pádraig Sairséal, 33, Ceannfort Arm na hÉireann le linn Léigear Luimnigh (b. 1660)
- 1765 – Rugadh Liam IV, rí na Ríochta Aontaithe (b. 1837)
- 1911 – Goideadh péintéireacht cháiliúil de chuid Leonardo da Vinci, an Mona Lisa, ó iarsmalann an Louvre, i bPáras
- 1921 – Rugadh Brian Moore, úrscéalaí Éireannach (b. 1999)
- 1940 – Cailleadh Leon Trotscaí, polaiteoir as an Rúis (b. 1879)
- 1952 – Rugadh Joe Strummer, cumadóir agus amhránaí Sasanach (b. 2002)
- 1956 – Rugadh Jon Tester, polaiteoir Meiriceánach
- 1970 – Bunaíodh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (an "SDLP" as Béarla) agus Gerry Fitt ina cheannaire air
- 1973 – Chuir an cróinéir ag Ionchoisne Dhomhnach na Fola go marú a bhí ar intinn ag Arm na Breataine an lá sin
- 1986 – Rugadh Usain Bolt, luthchleasaí Iamácach
- 1986 – Sa Chamarún maraíodh 1,200 duine de bharr gás bolcánach a sceith ó loch sa tír
- 2001 – Cailleadh Seán Ó Céirín, peileadóir (b. 1962)