Vicipéid:Conas leathanach iontach a scríobh
Cuma
Cad a dhéanann tú más mian leat alt iontach a scríobh do Vicipéid na Gaeilge? Seo cúpla seift is féidir leat a úsáid:
- D'fhéadfá dul go dtí an Príomhleathanach chun féachaint céard iad na naisc dhearga. Níl aon alt ag dul leis na naisc sin fós - is féidir leat iad a scríobh!
- Tosaigh an t-alt ag rá cad é an rud a bhfuil tú ag scríobh faoi.
- Scríobh an méid atá ar eolas agat faoin ábhar. Is féidir leat níos mó eolais a fháil ar an ábhar tré chuardach a dhéanamh ar Google, an Vicipéid i mBéarla, nó suíomh eile.
- Uaslódáil cúpla pictiúr ar an ábhar.
- Cuir naisc sa leathanach go dtí ailt eile, fiú muna bhfuil na hailt ann cheana féin.
- Cuir naisc sheachtracha (naisc chuig leathanaigh eile ar an idirlíon) ag deireadh an ailt.
- Cuir naisc chuig do leathanach ó leathanaigh eile.