Vicipéid:Beartais agus treoirlínte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eolaí do Stór Polasaithe an Vicipéid


Tionscadal chomhoibrithe is ea an Vicipéid, agus tá an aidhm chéanna ag a mbunaitheoirí agus a scríbhneoirí:

Is é atá ar intinn againn ag an Vicipéid ná ciclipéid saor a chruthú--chomh maith le sin, an chiclipéid is mó i stair, ó thaobh éagsúlacht agus doimhneacht de. Teastaíonn uainn freisin go bhfeicfeadh daoine an Vicipéid mar fhoinse údarásach.

Tá roinnt beartais agus treoirlínte ag an Vicipéid, glactha ag daoine i gcoitinne agus tá súil ag bunaitheoirí agus a scríbhneoirí go bhfuil siad tábhachtach, nó fiú amháin riachtanach. Cabhraíonn iad seo linn agus muid ag obair de réir ár n-aidhm. Ní mór le rá go bhfuil roinnt polasaithe fós ag athrú, de réir athruithe agus forás na Vicipéide í féin. Tá roinnt eile áfach, a bhfuil socraithe faoi láthair; ní chonspóideach iad anois don sean-phobal anseo.

Beartais glactha i gcoitinne[athraigh foinse]

  • Ná bí claonta. Ba chóir altanna a scríobh ó dhearcadh neodrach. Cíallaíonn sé sin gur gá altanna a scríobh le cur síos cothrom agus tuisceanach ar dhearcaidh difiriúla.
  • Ná bris cóipcheart. Is tiomshaíocht saor í an Vicipéid, ceadúnaithe faoi théarmaí an GNU Free Documentation License. Nuair a scríobhtar altanna a bhriseann cóipcheart, cuireann sé isteach ar ár n-aidhm tiomshaíocht saor a dháileadh ar chách, agus cruthnaíonn sé fadhbanna dlíthiúla freisin. Féach ar Vicipéid cóipcheart le haghaidh tuilleadh eolais.
  • Is tiomshaíocht í an Vicipéid. Den chuid is mó ba chóir leas a bhaint as an suíomh le haghaidh forbairt na tiomshaíochta. Go háirithe, bain feidhm as na leathanaigh cainte chun altanna a dheisiú. Féach ar Vicipéid:Ní Vicipéid iad seo.
  • Meas ar dhaoine eile Tagann scríbhneoirí an Vicipéid ó mhórán tíortha agus béascnaí éagsúla, agus dearcaidh an-éagsúla acu. Caithfidh meas a bheith ag daoine ar dhaoine eile chun comhoibriú ar thiomshaíocht go héifeachtach. Maidir le treoirlínte, féach ar Vicipéid:Dea-bhéasa agus Vicipéid:Réiteach Argóintí.
  • Lean na gnás. Agus muid ag leanúint na gnásanna seo is féidir linn tiomshaíocht chomhsheasmhach áisiúil a chruthú:

Maidir le beartais ar gnéithe teoranta, féach ar Riarthóirí.

Le haghaidh nodanna áisiúla eile, féach ar Gan na botúin is coitianta a dhéanamh.

Conas a chuirtear na mbeartais seo i bhfeidhm[athraigh foinse]

tusa i do eagarthóir ag an Vicipéid. Níl príomheagarthóir ná córas lárnach ón mbarr anuas ag an Vicipéid, chun faire agus formheas a dhéanamh ar na hathruithe éagsúla ó lá go lá. Ina ionad sin, bíonn rannphairtithe ag faire ar Athruithe deireanacha; ag athscríobh agus ag ceartú aon fhadhb a fheiceann siad leis an ábhar nó an leagan. Mar sin, is scríbhneoirí agus eagarthóirí chomh maith iad na Vicipéideoirí.

I gcásanna eisceachtúla nó diana, ghníomhaigh Jimbo Wales chun cosc a chur ar úsáideoirí a bhí thar a bheith drochbhéasach. I dtosach 2004, thosaigh an gasra Coiste Argóintí ar an bpost seo, mar mhodh Réiteach Argóintí. Tá roinnt beartais áfach, atá fógartha ag Jimbo mar beartais feidhmeanta don Vicipéid; féach ar (as Béarla) an phost Wikien-l seo agus User:Jimbo Wales/Statement of principles.