Viatris
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | comhlacht cógaisíochta gnó comhlacht ilnáisiúnta cuideachta phoiblí | ||||
| Foirm dlí | Delaware corporation (en) | ||||
| Stair | |||||
| Téann in áit | Mylan (2020) | ||||
| Dáta a bunaíodh | Samhain 2020, Pittsburgh | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Stocmhalartán | (NASDAQ VTRS) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Uachtaránacht | Robert J. Coury (en) | ||||
| Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Scott A. Smith | ||||
| Fochomhlacht | |||||
| Cuid de | S&P 500 | ||||
| Suíomh gréasáin | viatris.com… | ||||
Is cuideachta Mheiriceánach ilnáisiúnta í Viatris Inc. a oibríonn i réimse na cógaisíochta agus an chúraim sláinte. Tá sí lonnaithe i gCanonsburg, Pennsylvania, sna Stáit Aontaithe. Bunaíodh an chuideachta an 16 Samhain 2020 trí chumasc idir Mylan agus Upjohn, rannán de chuid Pfizer. Tosaíodh ag trádáil ar mhargadh stoic NASDAQ faoin gcód VTRS díreach tar éis an chumaisc.
Tagann ainm na cuideachta ón Laidin: via (bealach) agus tris (trí), ag tagairt do thrí phríomhchuspóir: rochtain ar chógais a leathnú, riachtanais othar a chomhlíonadh trí nuálaíocht, agus muinín an phobail leighis a thuilleamh.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Mylan sa bhliain 1961. I mí Iúil 2019, fógraíodh go ndéanfaí cumasc idir Mylan agus Upjohn, rannán de chuid Pfizer ag an am. Tháinig an cumasc i gcrích an 16 Samhain 2020, agus líon na bhfostaithe timpeall 45,000 timpeall an domhain ag an am. Cheap an chuideachta Michael Goettler mar phríomhfheidhmeannach ag an am sin. Ar an 1 Aibreán 2023, tháinig Scott A. Smith i gceannais mar phríomhfheidhmeannach in áit Michael Goettler.
In 2021, bhí Viatris in áit 254 ar liosta Fortune 500, bunaithe ar ioncam iomlán na bliana 2020. Sa bhliain chéanna, luaigh an iris Fortune í ar a liosta "Change the World" mar gheall ar a chuid oibre maidir le cógas frith-víreasach a chur ar fáil, saor in aisce, do leanaí a bhfuil VEID orthu i dtíortha íseal-ioncaim.
I mí na Nollag 2024, d'eisigh FDA na Stát Aontaithe litir rabhaidh agus foláireamh i dtaobh mhonarcha Viatris in Indore, san India, de bharr easnaimh sa rialú cáilíochta.
Táirgí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Táirgeann Viatris réimse leathan cógas. Tá breis is 1,400 substaint sa phunann táirgí. I measc na mbranda is aitheanta tá Sildenafil, Xanax agus Lipitor. Áirítear i measc táirgí Viatris cógais do réimsí leighis éagsúla: galair chroí agus soithíoch, galar tógálach, onceolaíocht, imdhíoneolaíocht, néareolaíocht, cúram sláinte na mban, diaibéiteas, galair chraicinn agus mar sin de.
Viatris in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Viatris go mór i mbun gnó in Éirinn, le ceithre ionad déantúsaíochta agus ceannáras sa tír.[1]
Baile Dama, Baile Átha Cliath: San ionad seo déantar cógais chineálacha — táibléid, capsúil agus leachtanna — de réir próisis déantúsaíochta dáileoige soladach béil. Bhí thart ar 340 duine fostaithe ann in 2026. Ach i mí Feabhra 2026, d'fhógair Viatris go gcuirfí deireadh de réir a chéile leis an déantúsaíocht ag tús na bliana 2028, agus go mbeadh an t-ionad dúnta faoi dheireadh na bliana sin. Meastar gurb é an t-ardú leanúnach ar chostais is cúis leis an gcinneadh seo. Dúradh go rachfaí i gcomhairle leis an bhfoireann faoi shocruithe iomarcaíochta agus gealladh socruithe cuimsitheacha. D'fhéadfadh cuid den fhoireann dul ag obair in ionaid eile atá ag Viatris i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.[1]
Tá thart ar 700 duine fostaithe i gceann na n-ionad eile — seachas Baile Dama — i mBaile Átha Cliath, Co Chorcaí agus i nGaillimh.
Baile Dúill, Baile Átha Cliath: Tá an t-ionad seo dírithe ar chógais riospráide casta, go háirithe instealltóirí púdair thirim agus táirgí comhcheangailte.
Coill Rua Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Sa láthair seo — atá suite i gceartlár na Gaeltachta — déantar instealltáin steirileacha d'onceolaíocht agus d'fhaoisimh péine. Feidhmíonn sí mar lárionad taighde agus forbartha teicneolaíochta freisin.
An tOileán Beag, Co. Chorcaí: Ionad déantúsaíochta cógas is ea é seo a tháirgeann comhábhair chógaisíochta ghníomhacha chomh maith le cógais béil.
Cros an Tuaiscirt, Baile Átha Cliath: Is é seo ceannáras Viatris in Éirinn. Feidhmíonn sé mar mol oibríochtaí domhanda agus tá foireann forbartha ann a dhearann feistí leighis.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-02-27). "Monarcha cógas Viatris i mBaile Átha Cliath le dúnadh in 2028" (as ga-IE).