Vallisneria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoVallisneria Cuir in eagar ar Wikidata

Vallisneria spiralis Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAlismatales
FineHydrocharitaceae
GéineasVallisneria Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochVallisneria spiralis Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Vallisneria (ainmnithe in onóir Antonio Vallisneri[1][2]) ann ná géineas de phlandaí fionnuisce, ar a dtugtar go coitianta miléarach, féar ribíneach nó vallis. Bíonn an géineas scaipthe thar limistéar mór agus go forleathan i réigiúin trópaiceacha agus fothrópaiceacha na Áise, na hAfraice, na hEorapa, agus Mheiriceá Thuaidh.[3]

Is planda tumtha é Vallisneria a leathann amach trí reathairí agus uaireanta cruthaíonn an planda móinéir arda faoin uisce. Tagann duilleoga chun cinn i mhogaill as a gcuid fréamhacha. Bíonn barra cruinne ar na duilleoga, agus féitheacha ardaithe ae leith acu. Fásann bláthanna bána baineannaigh go dtí dromchla an uisce - ar ghais fhada. Fásann bláthanna fireannaigh ar ghais ghairide, scarann siad, agus snámhann siad go dtí an dromchla. Bíonn an toradh ina chapsúl, cosúil le banana le go leor síolta beag bídeach aige.[4][5]

Uaireanta bíonn daoine idir dhá chomhairle faoi cé acu atá ann Vallisneria nó Sagittaria mar bíonn siad cosúil lena chéile ar an taobh amuigh nuair a fhástar iad faoi uisce.

Speicis[cuir in eagar | athraigh foinse]

accepted species[3]
  1. Vallisneria americana - Meiriceá Thuaidh lena n-áirítear na nIndiacha Thiarh, An Cholóim
  2. Vallisneria anhuiensis - Anhui
  3. Vallisneria annua - An Astráil
  4. Vallisneria australis -An Astráil
  5. Vallisneria caulescens - An Astráil
  6. Vallisneria densiserrulata - an tSín, an tSeapáin
  7. Vallisneria erecta - Queensland, An Astráil
  8. Vallisneria longipedunculata - Anhui
  9. Vallisneria nana - Na hOileáin Fhilipíneacha, Nua-Ghuine, an Astráil, An Nua-Chaladóin
  10. Vallisneria natans - An tSín, an tSeapáin, an Chóiré, Primorye, Vítneam, an India, Neipeal, An Iaráic
  11. Vallisneria rubra - Tuaisceart Iarthar na hAstráil
  12. Vallisneria spinulosa - an tSín
  13. Vallisneria spiralis - Deisceart agus in Oirthear na hEorapa, Deisceart agus Iarthar na hÁise,An Afraic
  14. Vallisneria triptera - Tuaisceart na hAstráile

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]