Vaimpír (ialtóg)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoVaimpír
Desmodontinae Cuir in eagar ar Wikidata

Desmodus rotundus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdChiroptera
FinePhyllostomidae
FofhineDesmodontinae Cuir in eagar ar Wikidata
Bonaparte, 1845
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósSúmaire fola Cuir in eagar ar Wikidata

Is ialtóg í an vaimpír atá dúchasach do na trópaicí sa Domhan Úr. Clárfhiacla géara bioracha aici. Gan eireaball. Eitlíonn sí go híseal os cionn na talún. Ólann sí fuil. Tuirlingíonn sí ar talamh gar d'ainmhí agus siúlann chuige. Uaireanta bearrann sí gruaig nó cleití lena fiacla, déanann gearradh éadomhain lena clárfhiacla, gan cur isteach ar an gcreach, agus ólann suas an fhuil. Tá claiseanna ar a teanga chun an fhuil a iompar isteach ina béal. Cuireann a seile cosc ar théachtadh na fola, agus féadfaidh an créacht fuil a chur ar feadh 8 n-uair nó mar sin. Ólann sí ar feadh cúpla uair, suas le 20 ml san oíche. 3 shaghas ann: an ghnáthvaimpír, an vaimpír bhánsciathánach, an vaimpír chlúmhchosach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Vaimpír". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 695.