Súmaire fola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Vaimpír)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSúmaire fola

Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is súmaire fola (nó vaimpír, deamhan fola, creachaire fola uaireanta) ann ná carachtar ficseanúil uafáis.

Is ón mbéaloideas a thagann scéal na súmairí fola. Éiríonn leo iad féin a bheathú ar fhuil iad siúd atá beo. I mbéaloideas na hEorpa mabhráin bheo a bhí sna súmairí fola a thugadh cuairteanna ar a ngaolta agus a bhuail bobanna orthu nó a mharaigh daoine sa chomharsanacht a dtaithídís agus iad beo. Chaithidís taiséadaí agus bhíodh cuma bhorrtha ar a gcorpanna agus iad crón go mait. Tá sé seo sách éagsúil ón gcuma a shamhlaítear orthu sa lá atá inniu ann, is é sin vaimpirí cnámhacha caola mílítheacha. Tháinig an coincheap seo chun tosaigh go luath sa 19ú haois.

Feictear leithéidí na vaimpirí i bhformhór mór na gcultúr a bhfuil taifead orthu. Tháinig an téarma 'vampire' chun tosaigh in Iarthar na hEorpa nuair a scaip histéire bunaithe ar nithe a creideadh sna Balcáin agus in Oirthear na hEorpa. Sháigh roinnt daoine corpráin agus cuireadh i leith daoine gur súmairí fola iad. Tá leaganacha éagsúla den súmaire fola le feiceáil i scéalta Oirthear na hEorpa agus tá ainmneacha éagsúla orthu shtriga san Albáin, vrykolakas sa Ghréig agus strigoi sa Rómáin.

Sa lá atá inniu ann, de ghnáth, creidtear gur beith fhicseanúil an vaimpír. Mar sin féin creideann roinnt i gcréatúir ar nós an tsúmaire, amhail an chupacabra i gcultúir áirithe. Uaireanta leagtar creideamh luath seo an phobal sna vaimpirí ar aineolas maidir le lobhadh na gcorpán tar éis báis agus na bealaí a ndearna daoine i sochaí réamhthionsclaíoch ciall a bhaint as. Is féidir gur chum siad carachtar na vaimpíre chun rudaí nár thuig siad faoin mbás a mhíniú. Nascadh porfairia le finscséalta in 1985 ach bréagnaíodh an nasc ó shin.

Is sa bhliain 1819 a tháinig súmaire fola mealltach sofaisticiúil fhicsean an lae inniu chun tosaigh nuair le foilsiú The Vampyre le John Polidori. Bhí an-ráth ar an scéal agus áitítear gurbh é an saothar is mó a raibh tionchar aige ó thaobh na súmairí sa 19ú haois. Cuimhnítear ar Dracula Bram Stoker a foilsíodh in 1897 mar an t-úrscéal tipiciúil faoi shúmairí fola agus is é a leag bonn faoi fhinscéal reatha an tsúmaire, cé gur foilsíodh é tar éis Carmilla Joseph Sheridan Le Fanu a foilsíodh in 1872. Spreag Dracula agus an rath a bhí air seánra sainiúil súmairí fola, a bhfuil tóir mhór orthu sa 21ú haois agus áirítear leabhair, scannáin, cláir theilifíse agus cluichí ríomhaireachta ar na meáin a bhfeictear na súmairí iontu. Tá an vaimpír tar éis teacht chun tosaigh mar cheann de na carachtair is suntasaí i seánra an uafáis.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]