Jump to content

V. R. Krishna Iyer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaV. R. Krishna Iyer

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ml) വി.ആർ. കൃഷ്ണയ്യർ Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ml) വൈദ്യനാഥപുരം രാമയ്യർ കൃഷ്ണയ്യർ Cuir in eagar ar Wikidata
15 Samhain 1914
Palakkad, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Nollaig 2014
100 bliana d'aois
Kochi, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Ball de 2ú Tionól Reachtach Kerala
22 Feabhra 1960 – 10 Meán Fómhair 1964
← V. R. Krishna IyerK. P. R. Gopalan →
Téarma parlaiminte: 2nd Kerala Legislative Assembly (en) Aistrigh


Aire Leictreachais, Kerala
5 Aibreán 1957 – 31 Iúil 1959
Ball den 2ú Tionól Reachtach Kerala
16 Márta 1957 – 31 Iúil 1959 – V. R. Krishna Iyer →
Téarma parlaiminte: 1st Kerala Legislative Assembly (en) Aistrigh


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síGovernment Victoria College, Palakkad (en) Aistrigh
Sree Rama Varma High School (en) Aistrigh
Ollscoil Annamalai Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Mhailéalaimis
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, dírbheathaisnéisí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Mhailéalaimis
Gradam a fuarthas

Breitheamh ar Chúirt Uachtarach na hIndia ab ea V. R. Krishna Iyer (15 Samhain 19154 Nollaig 2014).[1] Feachtasóir díograiseach ar son cearta sibhialta agus sóisialta ba ea é. Rinne sé ceannródaíocht ar mhodh breithnithe inar tugadh ciall ní ba leithne don Bhunreacht agus a cuireadh próiseas an dlí in oiriúint don cheartas sóisialta.

Bronnadh an dara gradam is airde san India, an Padma Vibhushan, air sa bhliain 1999.[2][3][4]

Thosaigh Iyer ag cleachtadh an dlí sa bhliain 1938.[5] Níorbh fhada go ndeachaigh sé i bpáirt leis an eite chlé ina cheantar dúchais.

2009

Tar éis dó a bheith tofa ina bhall neamhspleách de Chomhthionól Reachtaíochta Mhadras sa bhliain 1952, bhí Iyer ina aire dlí agus cirt, gnóthaí baile, uiscithe, cumhachta, príosún, leasa shóisialta agus longseoireachta intíre sa chéad rialtas Cumannach i Stát Kerala (1957-59). D'fhan sé ina bhall den chomhthionól go dtí 1965.

príomhaire Modi agus Justice Krishna Iyer

Sa bhliain 1968, ceapadh Iyer ina bhreitheamh d'Ard-Chúirt Kerala. Ansin bhí sé ina bhall de Choimisiún Dlí na hIndia idir 1971 agus 1973.[5]

Ar 17 Iúil 1973, ceapadh ar Chúirt Uachtarach na hIndia é. Agus Iyer ina bhreitheamh, rinne sé ceannródaíocht ar mhodh breithnithe ní ba dhíograisí, sásta le ciall ní ba leithne a thabhairt d'fhorálacha an bhunreachta agus próiseas an dlí a chur in oiriúint d'éilimh an cheartais shóisialta trí dhlíthíocht leasa an phobail a chruthú. Bhí sé ina thacadóir dílis de chuid an chúnaimh dlí chomh maith.[5]

Sa bhliain 1980, tar éis dó éirí as an gCúirt Uachtarach, lean Iyer ar aghaidh mar phearsa phoiblí ghníomhach, a bhíodh i mbun feachtais ar son na gcúiseanna a bhí á gcur chun cinn aige an t-am ar fad ó bhí sé ina fhear óg, go dtí cúpla seachtain roimh a bhás, agus é naoi mbliana is nócha d'aois.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. The news Minute (2014). "Beathaisnéis". www.thenewsminute.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-19. Dáta rochtana: 2020-07-20.
  2. "Judicial Activism in India : A Festchrift in honour of Justice V.R. Krishna Iyer [HB, Universal Law Publishing Co.]". law-all.com. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  3. "Justice V.R. Krishna Iyer's Concept of Social Justice: Buy Justice V.R. Krishna Iyer's Concept of Social Justice by Jaswal Vikram S. at Low Price in India" (en). Flipkart.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-11-15. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  4. "The Hindu : Living life king-size". web.archive.org (2003-03-09). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2003-03-09. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  5. 5.0 5.1 5.2 "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-20.