V. K. Krishna Menon (státaire as India)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
V. K. Krishna Menon (státaire as India)
Krishna Menon.jpg
Ball de Rajya Sabha


Aire Cosanta na hIndia

Aibreán 17, 1957 - Deireadh Fómhair 31, 1962
Kailash Nath Katju - Yashwantrao Chavan
Member of the 4th Lok Sabha (en) Aistrigh

1969 - 1971
Sachindra Nath Maity - Subodh Chandra Hansda
District: Medinipur Lok Sabha constituency (en) Aistrigh
Member of the 5th Lok Sabha (en) Aistrigh

1971 - Deireadh Fómhair 6, 1974
P. Viswambharan - M. N. Govindan Nair
District: Thiruvananthapuram Lok Sabha constituency (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Thalassery (en) Aistrigh, Bealtaine 3, 1896
Náisiúntacht An India
Réimeas Briotanach
Dominion of India (en) Aistrigh
Bás Deilí, Deireadh Fómhair 6, 1974
Oideachas
Alma mater Presidency College (en) Aistrigh
Zamorin's Guruvayurappan College (en) Aistrigh
University of Madras (en) Aistrigh
University College London
London School of Economics
Ollscoil Londain
Teangacha An Béarla
An Hiondúis
Gairm
Gairm dlíodóir agus polaiteoir
Duais
Creideamh
Reiligiúin An Hiondúchas
Páirtithe polaitíochta Indian National Congress (en) Aistrigh
VK Krishna Menon 1997 stamp of India.jpg

Dlíodóir, taidhleoir agus státaire as India ab ea V. K. Krishna Menon (3 Bealtaine 18966 Deireadh Fómhair 1974). Bhunaigh sé an Ghluaiseacht Neamhailínithe sna 1950idí.

VK Krishna Menon 1975 stamp of India.jpg

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jawaharlal Nehru i lár agus V.K. Krishna Menon ar dheis, na Náisiún Aontaithe 21 Nollaig 1956

Mac le dlíodóir ceannasach i Kerala ba ea Menon, a rugadh sa bhliain 1896. Bhain sé céim BA amach de chuid Choláiste na hUachtaránachta, Chennai (Madras) sa bhliain 1918. Rinne sé ansin staidéar i gColáiste Dlí Madras sular lean sé lena chuid oideachais i Londain (UCL, MA 1930; Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitíochta Londain - LSE, 1934).[1]

Glaodh mar abhcóide de Chumann Onórach an Teampaill Láir air sa bhliain 1934. Bhí sé gníomhach san fhoilsitheoireacht agus i bpolaitíocht na heite clé sa Ríocht Aontaithe sna 1930idí. Spreag sé Allen Lane sa bhliain 1935 le Penguin Books a bhunú agus ba é an chéad eagarthóir coimisiúnaithe dá chló Pelican dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Scoileanna Sainik

Ceapadh Menon mar chéad Ard-Choimisinéir na hIndia sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1947 i Londain (1947-52). Ceapadh é ansin mar Ambasadóir na hIndia chun na Náisiún Aontaithe (1952-62). Bhí dearcadh frith-impiriúlaíocha aige i Nua Eabhrac.

Bhí sé ina Aire Cosanta ar an India ó 1957 go 1962; d'éirigh sé as i ndiaidh na buaite a bhí ag an tSín sa Chogadh Sino-Indiach (1962).

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áirítear le leabhar de chuid An Dochtúra Cháit Ní Máille 𝙄𝙧𝙚𝙡𝙖𝙣𝙙, 𝙄𝙣𝙙𝙞𝙖 𝙖𝙣𝙙 𝙚𝙢𝙥𝙞𝙧𝙚: 𝙄𝙣𝙙𝙤-𝙄𝙧𝙞𝙨𝙝 𝙧𝙖𝙙𝙞𝙘𝙖𝙡 𝙘𝙤𝙣𝙣𝙚𝙘𝙩𝙞𝙤𝙣𝙨, 1919-64 (Cló Ollscoile Manchester, 2008) plé ar na naisc a bhí ag Menon le hÉirinn agus le radacaithe Éireannacha le linn a chuid ama i Londain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "V. K. Krishna Menon". Dáta rochtana: 2021.