Jump to content

Ursula Hirschmann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaUrsula Hirschmann

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Meán Fómhair 1913
Beirlín, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Eanáir 1991
77 bliana d'aois
an Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Phrotastúnach na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, trodaí frithbheartaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
CéileEugenio Colorni (en) Aistrigh (19351944)
Altiero Spinelli (19451986) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBarbara Spinelli
 ( Altiero Spinelli)
Renata Colorni
 ( Eugenio Colorni (en) Aistrigh)
Eva Colorni
 ( Eugenio Colorni (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínAlbert O. Hirschman

Gníomhaí frithfhaisisteach agus feimineach ba ea Ursula Hirschmann (2 Meán Fómhair 1913 – 8 Eanáir 1991).[1] Rugadh sa Ghearmáin í, ach is san Iodáil a chaith sí formhór a saoil agus í fásta. Bhí sí ceangailte le roinnt de na fir ba thábhachtaí i stair smaointeachais na hEorpa sa 20ú haois.

I dteaghlach Giúdach meán-aicmeach i mBeirlín a rugadh Ursula Hirschmann i mí Mheán Fómhair 1913. In 1932 chuaigh sí i bpáirt le heagraíocht na n-óg sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach chun an fód a sheasamh in aghaidh rabharta na Naitsithe.

Bhuail sí le Eugenio Colorni, fealsamh, eacnamaí agus sóisialach óg Iodálach, agus phós siad. Ina dhiaidh sin, ghlac sí páirt ghníomhach i ngluaiseacht an fhreasúra fhrith-fhaisistigh a bhí ag feidhmiú faoi rún san Iodáil, tír dhúchais a céile.[1]

Theith sí an Ghearmáin Naitsíoch go dtí an Iodáil, áit a raibh sí rannpháirteach i gciorcail frith-Mussolini. Phós sí Eugenio Colorni sa bhliain 1935, agus bhí siad ina gcónaí sa Róimh ag an am. Bhí triúr iníonacha ag Ursula óna pósadh le Colorni: Silvia, Renata, and Eva Colorni. Coimeádadh a fear céile i ngéibheann faoi réimeas na Naitsithe, agus dúnmharaíodh é san Iodáil sa bhliain 1944.

Bhí Hirschmann lárnach i mbunú Ghluaiseacht Cónaidhmeach na hEorpa (Movimento Federalista Europeo) in 1943–44. Phós Ursula Hirschmann Spinelli sa bhliain 1945 agus bhí triúr iníonacha acu: Diana, Barbara, agus Sara Spinelli.

Comhúdar an Manifesto di Ventotene ba ea Spinelli, cáipéis shuntasach a leag síos fís Eorpach i ndiaidh an Chogaidh. Ghlac Hirschmann páirt i scríobh agus scaipeadh an Manifesto.

In 1977, bhunaigh Hirschmann an cumann, Association Femmes pour l'Europe sa Bhruiséil.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Ursula Hirschmann - Aontais Eorpaigh" (ga). european-union.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-05-09.