Unterm Rad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharUnterm Rad
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarHermann Hesse Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ghearmáin, 1906 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Clúdach

Úrscéal le Hermann Hesse, a foilsíodh sa bhliain 1906, is ea Unterm Rad (Faoin Roth).

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is faoi saol agus oiliúint Hans Giebenrath, buachaill tréitheach,a rugadh is tógadh i mbaile beag sa Ghearmáin, é an scéal seo. Déanadh neamart ar a fhorbairt pearsanta agus a athair is a teagascoirí ag díriú isteach go hiomlán ar a oiliúint acadúil. Bhain sé amach áit ins an gCliarscoil i Maulbronn, agus é cáilithe sa dara háit sa scrudú iontrála. Bhí súil thar na beartaibh go néireodh go geal leis.

Chruthaigh sé cáirdeas le comhleachaí leis, duine liobarálach nach raibh an dúil chéanna aige ina chuid oibre. Baineann Hans sult agus faoiseamh as an gcaidreamh ach faoi dheireadh, díbríodh an fear óg as an gcoláiste. Bíonn díomá ar Hans agus tar éis roinnt eachtraí eile seoltar abhaile é féin, faoi náire agus amhras ann faoi é a bheith buailte le galar intinne.

Bíonn deacrachtaí aige ina bhaile fhéin go háirithe de dheasca nár chruthaigh sé bainteanna le muintir an bhaile le linn a óige agus é ag díriú isteach ar 'oideachas'. Bíonn caidreamh aige le cailín atá ar cuairt sa bhaile ach tréigeann sí é agus braitheann sé go nimríodh feall ar agus chuireann an eachtra seo lena mhíshuaimhneas.

Tosnaíonn sé mar phrintíseach le gabhann agus de réir dealramh baineann sé taithneamh éigean as bheith ag obair lena lámha in áit a intinne. Tugann printíseach níos sine cuireadh dó teacht leis agus buíonn eile agus é ag ceiliúradh a chéad pháigh. Ólann siad a niomarca agus sé deireadh an scéal ná go bhfaigheann siad corp Hans an mhaidin dár gcionn agus é báite san abhann, áit a chaith sé na laetheannta ba shona dár chath sé ina shaol ghearr truamhéileach. Bíonn amhras ann gur féinmharú atá ann in áit timpiste ach ní shoiléirtear é seo sa leabhar.

San úrscéal seo déanann Hesse cáineadh ar an gcóras oideachais a díríonn isteach ar tréithe acadúil agus dár leis a dhéanann neamart ar fhorbairt pearsanta. Deirtear go raibh an scéal bunaithe, nach beag, ar a shaol féin ós rud é gur díbríodh as an gCliarscoil chéanna é fhéin agus é ina stócach.