University Challenge 2024–25
Cuma
| Seánra | seó cluichí |
|---|---|
| Cuideachta léiriúcháin | Independent Television |
| Tír | an Ríocht Aontaithe |
| Bunteanga | Béarla |
Mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge oíche Dé Luain seo a chuaigh thart. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, Edith Byrne, agus bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (17 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-17.
| Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |