University Challenge
| Seánra | clár tráth na gceist |
|---|---|
| Láithreoir(í) | Bamber Gascoigne, Jeremy Paxman agus Amol Rajan |
| Cuideachta léiriúcháin | ITV Studios (en) |
| Tír | an Ríocht Aontaithe |
| Bunteanga | Béarla |
| Bealach teilifíse | BBC agus Independent Television |
| An chéad eipeasóid | 21 Meán Fómhair 1962 |
| Líon séasúr | 53 |
| Tuilleadh eolais | |
Clár tráth na gceist de chuid an BBC[1] is ea University Challenge.
In 2025, mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge ar an 12 Bealtaine 2025. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, i Sandford Park School,[2] BÁC. Bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige.[3]

Bíonn an scoil an-ghníomhach i ndíospóireachtaí Ghael Linn agus bhí Oscar ar dhuine den fhoireann a chuaigh chomh fada le Craobh na hÉireann sa mbliain 2021. Chaithfeadh go bhfuil Gaeilge sách maith aige ar ábhar eile, bhí sé ar dhuine de bheirt a ghnóthaigh 9 H1 san ardteist an bhliain sin.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ léirithe ag Granada Television go dtí 2009, ansin ITV Studios / Lifted Entertainment, i Salford, Manchester
- ↑ "Sandford Park School" (as en) (2024-04-22). Wikipedia.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (17 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-17.
- ↑ Bridget Bhreathnach (15 Bealtaine 2025). "DIALANN TUAIRISC: Captaen choláiste Cambridge is comórtas Ghael Linn, na gadhair bheaga cosanta, is céard is uachtar reoite mór ann?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-18.
| Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |