Jump to content

Uiscebhealaí Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bunaíodh Uiscebhealaí Éireann (Béarla: Waterways Ireland; An Ultais: Watterweys Airlann) sa bhliain 1999 faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ceann desna sé Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas .[1]

Tá an t-iontaobhas freagrach as bainistíocht, cothabháil, forbairt agus athchóiriú uiscebhealaí intíre inseolta, go príomha le haghaidh áineasa. I measc na uiscebhealaí intíre faoina fhreagracht, tá a leanas:

Tá ceanncheathrú Uiscebhealaí Éireann suite i nInis Ceithleann sa Tuaisceart, agus le hoifigí réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, Cora Droma Rúisc agus An Scairbh sa Phoblacht.

Tá Ionad Cuairteoirí Uiscebhealaí Éireann suite ag Cé na Canálach Móire, An Rinn, BÁC. Tógadh an foirgneamh insan cuan laistigh de Dhuga na Canálach Móire.

Cuaille eolais Uiscebhealach Éireann in aice leis an gCanáil Ríoga ag Maigh Nuad, Contae Chill Dara
Tochaltóir snámhaíola (Daewoo Solar 150LC-V) le hUiscebhealach Éireann, úsáidte i gcomhair cothabháil canálach

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ O'Brien, Tim (2021-02-14). "Waterways Ireland plans to sell Grand Canal graving docks". The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-02.