Uiscíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraitheanna carraigeacha a iompraíonn uisce, de ghnáth as gaineamhchloch nó cailc a mbíonn póiriúlacht is tréscaoilteacht ard inti. Uathu a fhaightear cuid mhaith de sholáthar uisce inúsáidte an Domhain, trí thobar a thochailt nó an t-uisce a chaidéalú i dtaiscumar. Is suntasach an t-uiscíoch cailce faoi Londain i soláthar uisce don chathair mhór sin, agus an t-uiscíoch ollmhór gaineamhchloiche i nDakota sna Stáit Aontaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uiscíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.