Uirlis ghléasaistrithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas ceoil a fhuaimníonn ag airde níos mó nó níos lú ná an airde ag a bhfuil an ceol nodaithe. Bíonn cúiseanna stairiúla is praiticiúla leis seo, ach is í an ceann is mó chun méarú gaothuirlisí a thabhairt chun rialtachta le gur féidir le seinnteoir athrú ó ghléas de mhéid amháin (is airde amháin) chuig gléas eile gan córas méaraithe eile a thoghadh. Sa cheolfhoireann nua-aoiseach, is iad seo na príomhuirlisí gléasaistrithe: an fhliúiteog (ochtach os cionn na hairde scríofa), an corn Sasanach (cúigeach foirfe os a cionn), an clairinéad in A (tréach beag faoina bun), an clairinéad in B maol (déach mór faoina bun), an ceileiste (ochtach os a cionn), an t-olldord (ochtach faoina bun).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uirlis ghléasaistrithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 689.