Uathphíolóta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is uathphíolóta ann ná gléas teicniúil - meicniúil, leictreonach nó hiodrálach - a úsáidtear le gléas siúil nó cóir thaistil, eitleán ach go háirithe, a threorú nó a choinneáil ar a seanbhealach gan aon duine a bheith ag teastáil lena oibriú.

Nuair a thosaigh an t-aerthrácht agus an t-aeriompar ag teacht ar an bhfód, b'éigean don phíolóta an t-eitleán a oibriú agus a airde a choinneáil uirthi gan stad gan staonadh. Is luath a thuirseofá den chineál sin oibre, agus mar sin, bhí sás teicniúil ag teastáil a d'fhreastlódh ar chuid de ghnáthaimh na heitleoireachta go huathoibríoch.

Tháinig an chéad uathphíolóta le haghaidh eitleáin in úsáid sa bhliain 1914. B'é an gnólacht úd Sperry Corporation a d'fhorbair é ón mbliain 1912 ar aghaidh. Sa bhliain 1914, thaispeáin Elmer Sperry, bunaitheoir an chomhlachta, go raibh sé chomh muiníneach as a ghléas is go bhféadfadh sé a lámha a choinneáil san aer agus é ina shuí i gcábán an eitleáin. Sa chéad uathphíolóta seo, bhí léaslíne thacair ghíreascópach agus compás maighnéadach nasctha le stiúir, ardaitheoir agus ailearáin a bhí á n-oibriú go hiodrálach. Cheadaigh sé don eitleán a seanbhealach a choinneáil de réir compáis gan chuidiú ón eitleoir. Mar sin, bhain sé ochtó faoin gcéad de ghnáthoibreacha na heitilte de ghuailleacha an duine. Inniu féin, is é an cineál seo uathphíolóta is mó a úsáidtear.

Na huathphíolótaí a bhíonn ar bhord eitleáin an lae inniu, is follasach go bhfuil siad i dtuilleamaí bogearraí ríomhaire, agus iad in ann an eitilt a dhéanamh ó rúidbhealach go rúidbhealach, idir dhul in airde, thaisteal, agus thuirlingt, ionas nach bhfágtar faoin eitleoir féin go bunúsach ach an t-inleadh a dhéanamh. Ar ndóigh, níl na huathphíolótaí ábalta imeachtaí nua nó dainséaracha a láimhseáil chomh haclaí leis an duine daonna, ach ón taobh eile de, ní bhíonn an píolóta daonna ábalta breosla a spáráil mar a bhíonn na huathphíolótaí.