Uí Dhonnghaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Chlann Ghaelach ba ea Uí Dhonnghaile. Mhair Donnghal féin sa 10ú haois,[1] fionnó Dhomhnaill, rí Ailigh,[2] de shliocht Eoghan mac Néill mhic Néill Naoighiallaigh. Faightear an sloinne fós go coitianta i gContae Thír Eoghain.[3] Agus i gContae Ros Comáin bhí an sloinne chomh coitianta sin gur ghlac géag amháin ina ionad an sloinne Briscoe.[4]

Baile Uí Dhonnaíle[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dún mór ag Uí Dhonnghaile i mBaile Uí Dhonnaíle. Díoladh an talamh sa cheantar faoi chúpla uair. Thóg Toby Caulfield, 1d Barún Caulfield caisleán ar ann suíomh a bhíodh rí-theach Uí Dhonnghaile, idir na blianta 1611 agus 1619. Dhóigh Patrick Donnelly an Caisleán i rith an Irish Rebellion of 1641. Sna 1660í, ath-thóg an chlann Caulfield an caisleán agus chuadar ar ais chun cónaí ann. Bhí seirbhísí ag idir Oilibhéar Pluincéid agus John Wesley sa chaisleán sna blianta 1670 agus 1767, faoi seach. Timpeall na bliana 1700, ámh, tháinig drochbhail ar an gcaisleán.[5] Tá an caisleán inniu faoin State Care Historic Monument i dTír Eoghain.[6]

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine ficseanúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Faightear an ginealach is cruinne le haghaidh Dhonnghaile in Ó Cléirigh, Micheál et al., Annála na gCeithre Máistrí. Tugtar ginealach míchruinn i leabhair eile (m.s. Leabhar Bhaile an Mhóta agus Leabhar Mór Leacáin) mar fionnó Dhomhnaill Ilcheallgaigh, Ardrí a d'éag sa bhliain 561 A.D.
  2. Bhí Domhnall ina chomh-rí Chineál Eoghain lena leasdeartháir Niall Glúndub ón mbliain 896 go dtí 911 nuair a d'éirigh sé as a choróin chun dul ar cléireacht. Hudson, Benjamin, “Prophecy of Berchan, Irish and Scottish High Kings in the Middle Ages, Greenwood Press 1996, lch. 148.
  3. Kenny, Kevin (1998). "Making Sense of the Molly Maguires" (as en). Oxford University Press. 
  4. "A Genealogist's Guide to Discovering Your Irish Ancestors" (2012). Betterway Books. [nasc briste go buan]
  5. "Castles.nl – Castle Caulfield". Dáta rochtana: 2020-04-12.
  6. "State Care Historic Monuments to 31 March 2007". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Deireadh Fómhair 2015. Dáta rochtana: 12ú Aibreán 2020.