Turlach Ghleann na Madadh
Cuma
| Cineál | Loch | |||
|---|---|---|---|---|
| Suíomh | ||||
| Tír abhantraí | Éire | |||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Is turlach é Turlach Ghleann na Madadh,[1] suite taobh thoir de Ghleann na Madadh, Contae na Gaillimhe. Tá an turlach suite feadh an bhóthair R362 ar imeall an bhaile.
Is gnáthóg é an turlach do go leor speicis éan bogaigh, san áireamh feadóg bhuí, eala ghlórach, rualacha, crotach agus pilibín.[2] I measc fásra, faightear féarach móna, cíb dhubh, glúineach uisce agus sailchuach uisce atá i mbaol criticiúil.[3]
Tá an turlach lastigh den Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Phortach Loch Loirgín/Thurlach Ghleann na Madadh.[2][3]
== Féach freisin
== Tagairtí
- ↑ "Turlach Ghleann na Madadh". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 7ú Iúil 2025.
- 1 2 Pat Keaveny. "Glenamaddy Turlough". Glenamaddy Boyounagh Heritage Project. Dáta rochtana: 7ú Aibreán 2024.
- 1 2 "Lough Lurgeen Bog/Glenamaddy Turlough SAC". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 7ú Aibreán 2024.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
