Jump to content

Turasóireacht in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is foinse mhór ioncaim do gheilleagar na tíre í Turasóireacht in Éirinn le 9 milliún duine ag tabhairt cuairt uirthi sa bhliain 2017, tuairim is 1.8 oiread daonra na tíre.[1][2] Gach bliain, tuilltear tuairim is €5 bn ioncaim ón earnáil, is ionann sin agus 2% den OTN agus níos mó ná 200,000 duine fostaithe inti.[3][4][5]

Sa bhliain 2011, gan trácht ar bhliain ar bith eile, toghadh Éire mar 'Favourite holiday destination in the World' ag léitheoirí Frommer's Guide; dúirt Lonely Planet gurbh í Éire an tír is cairdiúil ar domhan; toghadh cathair Chorcaí mar cheann desna deich gcathair ar bharr sa domhan: agus toghadh discoverireland.com le Fáilte Ireland mar an suíomh gréasáin is fearr ar domhan.[6][7] Tagann cuairteoirí go hÉirinn go formhór as an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, an Ghearmáin agus an Fhrainc.

Réigiúin agus bealaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 2010í, forbraíodh roinnt réigiúin agus bealaí turasóireachta chun turasóirí a mhealladh chun na tíre.[8]

Slí an Atlantaigh Fhiáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Slí tiomána is ea Slí an Atlantaigh Fhiáin (Béarla: Wild Atlantic Way) a shíníonn le 2,500 km bóithre feadh chósta iarthar na tíre.

Sean-Oirthear na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiún turasóireachta in oirthear na true is ea Sean-Oirthear na hÉireann (Béarla: Ireland's Ancient East), a chlúdaíonn seacht gcontae déag i ndá chúige.[9] Tá ann réigiún roinnte ina thrí cheantar: Croílár Stairiúil, Tuath le 5000 Breacadh an Lae agus Cósta Ceilteach.[10] Tá an smaoineamh bunaithe ar cheithre cholún: Éire Ársa, Éire luath-Chríostaí, Éire Mheánaoiseach agus Éire Angla-Normannach.[11].[12]

Croíthailte Ceilte na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiún turasóireachta is ea Croíthailte Ceilte na hÉireann (Béarla: Ireland's Hidden Heartland) a chlúdaíonn an tSionainn agus Slí Bhéara-Bréifne.[13] Bunaidh é i mí Iúil 2018.[14][15] Murab ionann is Slí an Atlantaigh Fhiáin, ní fhaightear ann bealach cruinn tiomána, acu ina ionad sin, dírítear aird ar iontais éagsúla an réigiún ar fud contaetha na hIarmhí, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, an Longfoirt, an Chabháin, Liatroma, agus codanna de chontaetha Thiobraid Árann, an Chláir agus na Gaillimhe.[16]

Ceantar na gCruach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiún turasóireachta is ea Ceantar na gCruach[17] (Béarla: Reeks District) suite i gContae Chiarraí a bhunaíodh sa bhliain 2018, ainmnithe as na Cruacha Dubha (Béarla: MacGillycuddy Reeks).[18][19] Toghadh an ceantar mar cheann desna "6 ar bharr chun feiscint" ("top-6 to visit") ar fud an domhain ag Rough Guides sa bhliain 2019.[20]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Fáilte Ireland Tourism Facts 2017". Fáilte Ireland. Dáta rochtana: 3ú Deireadh Fómhair 2018.
  2. "vIrish Tourism Industry in Two Speed Recovery". Irish Hotel Federation (4ú Márta 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-05. Dáta rochtana: 9ú Meán Fómhair 2012.
  3. "Year End Review 2019 And Outlook For 2020". Irish Tourism Industry Confederation. Dáta rochtana: 1d Feabhra 2024.
  4. "Targeting Spanish Visitors for Ireland". Tourism Ireland (25ú Eanáir 2012). Dáta rochtana: 9ú Meán Fómhair 2012.
  5. "GNI (current US$) - Ireland". The World Bank. Dáta rochtana: 1d Feabhra 2024.
  6. "Failte Ireland Tourism 2011". Fáilte Ireland (27ú Eanáir 2011).
  7. "Tourism Ireland website wins award". siliconrepublic.com (6ú Aibreán 2011). Dáta rochtana: 9ú Meán Fómhair 2012.
  8. Ní Chonchúir, Sharon (Nollaig 2016). "Ireland's Ancient South East". irishamerica.com.
  9. "What is Ireland's Ancient East, exactly?". independent.ie (10ú Iúil 2016).
  10. "Ireland's Ancient East | The Areas of Ireland 's Ancient East".
  11. "Ireland's Ancient East launched as follow-up to Wild Atlantic Way". independent.ie.
  12. "'Ireland's Ancient East' launched as follow-up to Wild Atlantic Way". independent.ie (14ú Aibreán 2015).
  13. MacConnell, Eoghan (12 April 2018). "Fáilte Ireland unveils Hidden Heartlands brand for the midlands". The Irish Times.
  14. "Athlone features in TV ad as part of Ireland's Hidden Heartlands campaign". Athlone Advertiser. Dáta rochtana: 18ú Iúil 2018.
  15. "Activities for a fantastic short break in Ireland's Hidden Heartlands". irishcentral.com (Iúil 2019). Dáta rochtana: 2021-04-30.
  16. Heartlands, Ireland's Hidden (2018-06-30). "Beginner's Guide to Ireland's Hidden Heartlands".
  17. "Ceantar na gCruach". kerryairport.ie. Dáta rochtana: 25ú Meán Fómhair 2025.
  18. "Mid-Kerry rebrands as 'The Reeks District'". radiokerry.ie (30ú Aibreán 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-04. Dáta rochtana: 2025-09-25.
  19. Lucey, Anne (18ú Nollaig 2018). "Kerry's rebranded Reeks District looks to draw the tourists". Irish Examiner. Dáta rochtana: 10ú Samhain 2020.
  20. "Ireland's 'Reeks District' makes Rough Guides' Top 6 to visit for 2019". independent.ie (7ú Eanáir 2019). Dáta rochtana: 10ú Samhain 2020.