Jump to content

Tuilte lár-Texas, 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuilte lár-Texas, 2025
Radharc aerga
(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata Map
 30° 02′ 47″ N, 99° 08′ 26″ O / 30.0464°N,99.1406°W / 30.0464; -99.1406
Cineáltuile
maidhm thuile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse4 - 7 Iúil 2025
SuíomhTexas Hill Country, Texas Cuir in eagar ar Wikidata, Central Texas (en) Aistrigh
Central Texas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Texas, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
CúisMesoscale convective complex (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna135 (28 Iúil 2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh3 (28 Iúil 2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Costas damáiste18,000 M$ Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#TexasFloods Cuir in eagar ar Wikidata

Sceith an abhainn Guadalupe agus bhuail tuilte lár-Texas idir 4-7 Iúil, de thoradh titim throm báistí. Fuair níos mó ná 85 duine bás.[1]

Sceitheann an abhainn Guadalupe thar a bruacha ó am go ham. Tugann an Lower Colorado River Authority[2] an t-ainm "Flash Flood Alley"[3] ar an abhantrach. Fuair 10 bás i mí Iúil 1987, agus 31 eile 1998.[4] Fuair 11 bás sa cheantar San Antonio in 2002[5] Maraíodh 13 eile i mí an Mheithimh 2025.[6]

Bhí blianta fada caite ag na feidhmeannaigh in Kerr County ag caint ar chóras foláireamh (callairí cumhachtacha go hairithe) a thógáil ar bhruacha an Guadalupe ach chaith siad in aer é mar smaoineamh ar an mbonn go mbeadh a leithéid róchostasach. Ní raibh na cáiníocóirí in Kerr County sásta íoc as (ina n-aonar).

Le moch maidine 4 Iúil a nocht an tubaiste nuair a d’ardaigh an t-uisce in abhainn an Guadalupe ocht méadar taobh istigh d’uair an chloig agus rinne léirscrios ar a raibh ina bhealach.

Buaileadh campa samhraidh Críostaí, Camp Mystic, a raibh cailíní ag freastal ar chúrsa ann. Cailleadh seacht nduine is fiche dá gcampálaithe (cuid acu nach raibh ach ocht mbliana d’aois) agus a "gcomhairleoirí"[7] sa tuile.

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shínigh an tUachtarán Donald Trump fógra cúnamh tubaiste ar an 6 Iúil ar mhaithe le Kerr County. Rinne sé beag is fiú den amhras a bhí á léiriú gur fhág an sceanairt a bhí déanta ag a réimeas ar sheirbhísí réamhaisnéise aimsire agus ar áisíneachtaí feidearálacha eile a bhain le cúrsaí eolaíochta go raibh an rabhadh tuilte fágtha níos laige.[1] Chuir Trump an milleán ar Joe Biden.

Bhí ceisteanna go leor á gcur faoin rabhadh a tugadh faoi thuilte, agus cé acu an raibh an rabhadh sin sách láidir.

Sa Róimh ar an 6 Iúil, dúirt an Pápa Leon XIV paidreacha do na daoine a bhí faoi bhrón in Texas, ina thír dhúchais.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 "Campa samhraidh ag caoineadh seacht nduine is fiche a cailleadh i dtuile lár Texas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-07). Dáta rochtana: 2025-07-07.
  2. "Managing Floods in Flash Flood Alley - LCRA - Energy, Water, Community" (en-US). LCRA. Dáta rochtana: 2025-07-07.
  3. "Flash Flood Alley" (as en) (2025-07-07). Wikipedia.
  4. "October 1998 Central Texas floods" (as en) (2025-07-07). Wikipedia.
  5. "Flood Event: South Central Texas June 30-July 7, 2002" (en). www.floodsafety.com. Dáta rochtana: 2025-07-07.
  6. KSAT NEWSROOM (2025-06-16). "What we know about the devastating San Antonio floods that killed 13 people on June 12" (en). KSAT. Dáta rochtana: 2025-07-07.
  7. i mBéarla na S-A, "councillors" nó teagascóirí