Tuathal Maolgharbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tuathal Maolgharbh
Ardrí na hÉireann

534 - 544
Muircheartach mac Muireadaigh - Diarmaid mac Cearbhaill
Saol
Bás 544 (Gregorian)
Muintir
Athair Cormac Cáech (?)
Gairm
Gairm monarc

Ard-Rí na hÉireann ba ea Tuathal mac Cormaic (Sean-Ghaeilge Túathal mac Cormaic), aitheanta Tuathal Maolgharbh (Túathal Máelgarb) (bás 544) agus garmhac Cairbre mac Néill a mheastar. Sna scéalta is luaite, is amhlaidh gurbh eisean a rinne concas na dtailte a n-éireodh ina ríocht Bhreá, ar son mhuintir Niall Naoighiallach.

Cé go n-ainmníonn na ginealaigh é Tuathal mac Cormaic Chaoch mhic Cairbre mhic Néill Naoighiallaigh, níl siúd ar aon intinn leis an gcur síos sa Bheatha Naomh Phádraig den 7ú haois le Tíreachán, a mhaíonn gur chuir Pádraig mallacht ar Chairbre agus a shliochtaigh ná raibh duine acu ina rí Theamhrach. Um an neamhréir seo a réiteach, d'fhág naomhsheanchais níos dearanaí Tuathal amach ón mallacht.[1]

Ó thaobh na n-annál de, níl ach aon iontráil suntasach amháin maidir le Tuathal. Is tuairisc é seo faoi bhua a bhain sé amach in éadan na gCiannacht: "Cath Luachra eiter da Inber", timpeall na bliana in 535.[2][3] Logainm coiteanta is ea Luachair, agus ní fios go cruinn cén inbhir atá i gceist.[4][5] Creidtear gur bhunaigh an bua seo ceannas Uí Néill ar na Ciannachta agus ar Mhaigh Bhreá.[6] Cé nach taifid chomhaosaigh iad na hiontrálacha seo sna hannála Éireann, molann an teanga iontu gur an-luath iad, ag dul siar b'fhéidir ó dheireadh na 6ú haoise.[7]

Deirtear gur maraíodh Tuathal sna 540í. Faightear tuilleadh eolais a bhuí le gluaiseanna níos dearanaí ar na hannála, agus le scéalta faoi Dhiarmaid mac Cearbhaill agus Naomh Ciarán Cluain Mhic Nóis, ach is dócha gur nósanna i bhfad níos déanaí iad. Insítear iontu go raibh, Túathal ag iarraidh an ruaig a chur ar Dhiarmaid, ach ina ionad sin maraíodh Túathal ag leas-deartháir Dhiarmada ar thaobh a mháthar — nó a ghaol uchtála, de réir eile — Máel Mordha Ua Machí’' nó Máel Mór mac Argadaín. Maraíodh Maol Mordha féin ar an dtoirt.[8][9][10]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Annals of Tigernach, 1996, retrieved 2008-05-26
  • The Annals of Ulster AD 431-1201, 2003, retrieved 2008-05-26
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Charles-Edwards, T. M. (2004), "Muirchertach mac Muiredaig (d. 534)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 2007-10-22
  • Charles-Edwards, T. M. (2004), "Tuathal Máelgarb mac Cormaic (fl. 535–539)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 2008-05-08
  • De Paor, Liam (1997), Ireland and Early Europe: Essays and Occasional Writings on Art and Culture, Dublin: Four Courts Press, ISBN 1-85182-298-4
  • Irwin, Philip (2004), "Coirpre mac Néill (supp. fl. 485–494)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, retrieved 2008-05-12
  • Mac Niocaill, Gearóid (1972), Ireland before the Vikings, The Gill History of Ireland, 1, Dublin: Gill and Macmillan, ISBN 0-7171-0558-X
  • Mac Shamhráin, Ailbhe; Byrne, Paul (2005), "Kings named in Baile Chuinn Chétchathaig and the Airgíalla Charter Poem", in Bhreathnach, Edel (ed.), The Kingship and Landscape of Tara, Dublin: Four Courts Press, pp. 159–224, ISBN 1-85182-954-7

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography", ll. 175–176 & 181.
  2. Annála Uladh, AU 535.2 & AU 539.2
  3. Annála Tiarnaigh, AT 533 (cóipeáilte i nAnnála Uladh)
  4. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 451; moltar An Bhóinn (Contae Lú) agus An Ainí (Contae na Mí), sin nó an Ainí agus an Dealbhna (Contae na Mí)
  5. Mac Shamhráin & Byrne, ll. 181–182
  6. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 468; Charles-Edwards, "Túathal".
  7. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 451.
  8. Charles-Edwards, "Túathal"
  9. Annála Uladh, AU 544.1
  10. Annála Tiarnaigh, AT 543.1.


Roimh
Muirchertach mac Ecrae
Ard-Rí na hÉireann
528-538
Tar Éis
Diarmait mac Cerbaill