Jump to content

Tuama Dingeach Páirc Ráth Bhrannaibh

Tuama Dingeach Páirc Ráth Bhrannaibh
Sonraí
CineálTuama dingeach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 14′ N, 9° 15′ O / 54.24°N,9.25°W / 54.24; -9.25
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir633

Is tuama dingeach áiléir agus Séadchomhartha Náisiúnta í Tuama Dingeach Páirc Ráth Bhrannaibh atá suite i gContae Mhaigh Eo, Éire.[1][2]

Tá Tuama Dingeach Páirc Ráth Bhrannaibh suite 4 km (2.5 mhíle) siar ó thuaidh ó shráidbhaile Chill Ala, ag breathnú amach ar An Abhainn Mhór, Cuan Chill Ala agus Sliabh Gamh i gContae Shligigh.[3]

Tógadh an tuama dingeach seo timpeall 2500–2000 RC, san Aois Chopair nó Cré-Umha.[4][5]

Bhí ciorcal cloiche ina sheasamh gar don tuama tráth go dtí na 1950idí, nuair a baineadh na clocha agus a caitheadh ar an tuama dingeach iad.[6]

Tá gailearaí os cionn 3 m (9.8 tr) ar fhad ag an uaigh agus 2 m (6 tr 7 orlach) ar leithead, le ballaí taobh comhdhéanta de bholláin suas le 1.8 m (5 tr 11 orlach) in airde. Tá ais an ghailearaí ó Oirthuaisceart go Iardheisceart, mar sin tá foirceann an Oirthuaisceart ag pointeáil i dtreo éirí na gréine ag grianstad an tsamhraidh.[7][8][9]

  1. Weir. “Rathfranpark”.
  2. Borllase (1897). "The Dolmens of Ireland: Volume I": 114–115. London: Chapman & Hall. 
  3. Meehan (2004). "Sacred Ireland". Somerset: Gothic Image Publications. ISBN 906362 43 1 0 906362 43 1. 
  4. Cabragh”.
  5. Cabragh Wedge Tomb, Sligo - TripAdvisor”.
  6. Saints and Stones: Rathfranpark Wedge Tomb”.
  7. Map. “Rathfranpark Wedge Tomb”.
  8. Rathfranpark Wedge Tomb”.
  9. megalithomania: Rathfranpark (Mayo) :: Wedge Tomb :: Visit notes”.