Jump to content

Treoir maidir le Gnáthóga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadTreoir maidir le Gnáthóga
Council Directive 92/43/EEC of 21 May 1992 on the conservation of natural habitats and of wild fauna and flora Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltreoir an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharFFH-Habitat (en) Aistrigh, fána, planda fiáin agus ainmhí allta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1992 Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán, Téacs iomlán agus Téacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreán gréasáineur-lex.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata

Is reachtaíocht bunchloiche í an Treoir maidir le Gnáthóga (aitheanta go hoifigiúil faoin teideal Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú)[1] glacadh ag an gComhphobal Eorpach (níos dearanaí An tAontas Eorpach (AE)) sa bhliain 1992, mar fhreagairt dhíreach ar an gCoinbhinsiún Bheirn.

Ó thaobh caomhnú fhiadhúlra agus an nádúir de san AE, tá ann an treoir seo agus i dteannta sin an Treoir maidir le hÉin. Le chéile, tugtar "na treoracha nádúir" orthu.

Faoin Treoir maidir le Gnáthóga, ní mór do rialtais náisiúnta limistéir a ainmníodh chun flóra agus fána a chaomhnú. I gcomhlíonadh na haidhme úd, cruthaíodh Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta ar fud an AE. I dteannta leis na Limistéir faoi Chosaint Speisialta faoi réir na Treorach maidir le hÉin, tá le chéile líonra suíomhanna cosainte ar fud an AE darb ainm Natura 2000.[2]

Tá ann sa Treoir maidir le Gnáthóga reachtaíocht le 24 airteagal. Feictear i n-airteagal 17 na téarmaí agus caighdeáin um thuairisciú ar na gnáthóga agus speicis liostaithe i n-iarscríbhinní na treorach. Leagtar síos ann gur gá gach uile tír tuairisc a fhoilsiú gach uile sé bhliana.[1][3]

Tá ann sa Treoir trí shórt stádas caomhnaithe: fabhrach (Béarla: favourable, FV), neamhfhabhrach-easnamhach (U1) agus neamhfhabhrach-olc (U2).[4] Déantar measúnacht ar an bhfad idir stádas speicis agus an stádas fabhrach. Tá difríocht suntasach idir an modheolaíocht seo an chéad a údaraítear ag an IUCN Red List, a mheasann an fad go díothú.

Leagtar amach i n-iarscríbhinní na treorach ná gnáthóga agus speicis atá faoi chosaint :[1]

  • Iarscríbhinn I: gnáthóga
  • Iarscríbhinn II: speicis a bhfuil uathu Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta
  • Iarscríbhinn III:
  • Iarscríbhinn IV: speicis a bhfuil uathu cosaint ghéar
  • Iarscríbhinn V: speicis a bhfuil cead ag na ballstáit conas iad a chosaint
  • Iarscríbhinn VI: seilg

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "Council Directive 92/43/EEC of 21 May 1992 on the conservation of natural habitats and of wild fauna and flora". EUR-Lex. Dáta rochtana: 9ú Márta 2020.
  2. "Natura 2000". ec.europa.eu. An Coimisiún Eorpach. Dáta rochtana: 2020-03-09.
  3. "Habitats Directive reporting". Europa. European Commission. Dáta rochtana: 29ú Meán Fómhair 2020.
  4. Douglas Evans; Marita Arvela (July 2011). Assessment and reporting under Article 17 of the Habitats Directive Explanatory Notes & Guidelines for the period 2007-2012 (PDF) (Tuairisc). European Topic Centre on Biological Diversity. p. 8, 9. Aisghafa 29 September 2020.